Cad é an fuadar? Cá bhfuil an luadar? Spraoi agus Súgradh Bí Linn do Lá Náisiúnta Súgartha – ag Ceiliúradh 10 mBliana

Beidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag ceiliúradh Lá Súgartha i gCearnóg Mhuirfean ó 2 p.m. go dtí 5 p.m ar an Domhnach seo chugainn, 5 Iúil. Tá lá mór – lán le spraoi - romhat i gceann de na páirceanna is deise sa chathair. 

I mbliana táimid ag díriú ar an teachtaireacht  ‘Amach leat faoin Aer’ agus tá súil againn go mbeidh teaghlaigh agus pobail ag tacú le páistí agus le daoine óga -  chun iad a mhealladh lasmuigh agus a bheith ag súgradh faoin aer i dtimpeallacht nádúrtha.

‘Is mór an tionchar a imríonn súgradh i bhforbairt an pháiste agus cuireann an réimse mothúchán a bhraitheann páistí trí bheith ag súgradh lena leas fadtéarmach.  Tugann sé deis dóibh cairdeas a dhéanamh mar aon le deiseanna foghlamtha agus deiseanna chun féinmheas agus féinmhuinín a chothú’ arsa Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh,‘Tar amach agus bí ag súgradh linn’.

I mbliana tá an Lá Náisiúnta Súgartha ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód agus i measc na ngníomhaíochtaí speisialta beidh ceardlanna dar teidil ‘Contúirt’ agus  ‘An Eitleog is Lú ar Domhain.’  Beidh ealaíontóirí ón ionad acmhainní ‘Recreate’ ag taispeáint dúinn bealaí chun rudaí nua a dhéanamh as ábhar athchúrsáilte. Leis sin, beidh deis ag páistí dul ag taiscéaladh sa pháirc ar ‘Parkour’.

Bígí linn mar sin le haghaidh lá iontach faoin aer i gcuideachta spleodrach.

Má thagann tú go luath seans go mbeidh na coinnle ar an gcáca fós ar lasadh!

Críoch

Le haghaidh tuilleadh eolais bí i dteagmháil le:

Debby Clarke ón bhFoireann Forbartha Súgartha T  (01) 222 5396 nó debbie.clarke@dublincity.ie

https://twitter.com/DubCityCouncil       www.facebook.com/DublinCityCouncil

Feedback