Glaoch ar mhuintir Bhaile Átha Cliath ‘Dea-Shaoránaigh’ a ainmniú

Fógraíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Keith Duffy na chéad Ghradaim do Dhea-Shaoránaigh i mBaile Átha Cliath Dé Luain 15 Feabhra, 2016.

Tá sé mar aidhm ag na Gradaim do Dhea-Shaoránaigh an cion oibre a bhíonn déanta ag an iliomad laochra gan aithint gach lá i mBaile Átha Cliath a aithint agus a cheiliúradh. Táimid ag iarraidh ar an bpobal gnáthdhaoine a bhíonn ag cur go mór le Baile Átha Cliath mar áit chónaithe trína ngníomhartha agus a gcion oibre a ainmniú.

Is féidir daoine a ainmniú ó 15 Feabhra agus glacfar le hainmniúcháin go dtí Dé hAoine 18 Márta, 2016. Tá na sonraí go léir ar fáil ag www.dublincity.ie/goodcitizen


Scaipfidh Jason Clarke Photography grianghraif ar dheascanna pictiúr inniu


CRÍOCH

Le tuilleadh eolais bí i dteagmháil le hOifig Caidreamh leis na Meáin, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Feedback