Lasadh na Soilse ar an gCrann Nollag i Sráid Uí Chonaill

Cuirfear tús le haimsir na Nollag ag 3.30in ar an 30 lá de mhí na Samhna nuair a thiocfaidh an tArdMhéara Christy Burke isteach go lár Sráid Uí Chonaill ar charr sleamháin agus obair mhór idir láimhe aige. Beidh sé ag lasadh na soilse ar an gcrann Nollag is mo sa chathair agus beidh aoi speisialta in éineacht leis don ócáid mhór– Ashley Kiernan ón eagraíocht ‘Make a Wish Foundation’

Tá an- tóir ar an searmanas le blianta beaga anuas agus cuireann an chathair fáilte isteach roimh óg agus aosta chun go mbainfidís taitneamh as an am draíochta seo den bhliain.

I measc iad siúd a bheidh ag cur an tsiamsaíocht ar fáil beidh Banna Ceoil an Airm, Cór Náisiúnta na nÓg, Vladimir agus ceoltóirí ón gCeoláras Náisiúnta mar aon le foireann ‘Aladdin’ díreach ó stáitse an Oilimpia. Beidh siamsaíocht sa tsráid chomh maith, a thaitneoidh le gach duine sa chlann.
Ná déanaigí dearmad ar na Geansaithe Nollag agus muid ag tabhairt faoi dhúshlán mór – curiarracht na bliana seo caite a shárú maidir leis an méid geansaithe Nollag in aon áit amháin!


Deireadh


https://twitter.com/DubCityCouncil       www.facebook.com/DublinCityCouncil

Feedback