Leabhar nua faoi stair Teach an Ardmhéara

Seolfaidh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath Nial Ring leabhar nua 'Teach an Ardmhéara agus Réabhlóid na hÉireann 1912-1923' le Mícheál

Mac Donncha, i dTeach an Ardmhéara ar an Déardaoin 11 Aibreán ag 6pm. 

Ardmhéara Bhaile Átha Cliath 2017/2018, is Comhairleoir Cathrach é Mícheál Mac Donncha. Deir sé faoin a leabhar nua dátheangach seo: 

"Tá suíomh lárnach ag Teach an Ardmhéara i stair na hÉireann. 

"Frithdhúnadh 1913, an troid ar son chearta na mban, Óglaigh na hÉireann, Cumann na mBan, Fianna Éireann, an feachtas i gcoinne na Coinscríofa, an Chéad agus an Dara Dáil Éireann, an Sos Chogaidh idir an IRA agus Arm na Breataine, an chéad uair a phléadh Conradh 1921, tharla sé go léir anseo. 

"Sa leabhar seo déantar cur síos ar na himeachtaí sin agus alán eile." 

 

Feedback