ITA/234 Risteárd O Glaisne (1927-2003)

Printer-friendly version

Cárta Ballraíochta - An Club Dramaíochta 1970/1971I nDroichead na Bandan i gContae Chorcaí a rugadh agus a tógadh Risteárd O Glaisne sa bhliain 1927. Fuair sé a chuid oideachais fhoirmiúil i Scoil Ghramadaí an bhaile agus ina dhiaidh sin i gColáiste na Trionóide. Ba bhall den Eaglais Mhodhach é mar a raibh a mhuintir roimhe le blianta fada.

Chuir sé spéis in athbheochan na teanga agus sa chultúr Gaelach, go háirithe nuair a bhí sé ina mhacléinn i gColáiste na Trionóide sna daicheadaí. I lár na seascaidí in Éirinn bhí sé gnóthach sa Ghluaiseacht Éiciúméineach ó thús Vatacáin II.

Chaith sé os cionn tríocha bliain ina mhúinteoir, agus cuid mhaith ama ina iriseoir, ina chraoltóir, ina thaistealaí agus ina scríbhneoir. Tá an-chomaoin curtha ar an nGaeilge aige le méid na leabhar atá scríofa sa teanga aige agus le réimse leathan na n-ábhar iontu.

Bhi suim aige i gcúrsaí drámaíochta chomh maith, idir drámaíocht i nGaeilge agus i mBéarla. Bhi sé ar ceann de bhunaitheoiri an Club Drámaíochta sna caogadaí, club a bunaíodh chun drámaíocht i nGaeilge a chur chun cinn. Fuair Risteárd Ó Glaisne bás sa bhliain 2003 agus ar an dea-uair fágadh a chuid páipéir linn anseo sa Chartlann.

Pictiúr: Cárta Ballraíochta - An Club Dramaíochta 1970/1971

Bailiúcháin O Glaisne (PDF 138KB) Ní féidir teacht ar PDF? (as Béarla)

Feedback