Polska Éire Festival Féile Pholannach- Éireannach

#Polskaéire2015
Is mór ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tacaíocht a thabhairt don chéad Fhéile Polksa Éire a bheidh ar siúl ó Dé Satharn 21 Márta go Dé Domhnaigh 29 Márta. Tá Clár na Féile líon lán d’imeachtaí a bheidh á thionól ar fud na cathrach le linn na féile.
Ceiliúrann an fhéile Pobal Polannach na hÉireann agus an cultúr ar leith atá tréan láidir i measc an phobail sin.  Tá sé thar a bheith tráthúil go mbeidh an cluiche cáilithe idir an Pholainn agus Éire i gCraobhchomórtas na hEorpa UEFA ar siúl ar an 29 Márta chomh maith.
I gcaitheamh na seachtaine beidh roinnt imeachtaí éagsúla cultúrtha ar siúl.   Chun teacht ar an liosta d’imeachtaí sna leabharlanna téigh go dtí http://bit.ly/PolEireLibraries
I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar siúl tá dhá Lá Spraoi do theaghlaigh ar an Satharn agus ar an Domhnach i gCearnóg Wolfe Tone agus beidh Margaí Ceardaíochta agus Bia ar an Domhnach i mBarra an Teampaill.  Tá sonraí ar fáil ar http://bit.ly/PolEire2015
 
Feedback