Seoladh ‘Out in ‘16’ –Bailiúchán amhrán nua ó Pete St. John

Dé Máirt, 6 Deireadh Fómhair, 2015: Seolfaidh an cumadóir amhrán mór le rá, Pete St John, bailiúchán d’amhráin speisialta ag oíche amhránaíochta i Halla na Cathrach i dteannta Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh.

Tá na hamhráin seo curtha le chéile ag Pete i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath mar chuid de Chlár Comórtha Eirí Amach 1916 na Comhairle.

Duirt an tArdmhéara Críona Ní Dhálaigh “Tá áthas an domhain orm go ndeachaigh Pete i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun na hamhráin nuachumtha seo a chur i gcrích. Ar ndóigh, tá an-chion ag muintir na hÉireann ar Pete mar gheall ar na hamhráin iontacha scríofa aige thar na blianta. Pete is one of Ireland’s best loved singer songwriters and the six songs in his new collection truly reflect the events of 1916. I thank him for bringing his expertise and experience to bear in producing such wonderful songs to celebrate and commemorate one of the most troubled periods in our country’s history. I know they will join his other evergreen hits and live on for years to come.”

Dúirt Pete St. John: “It is a great honour for a Dublin songwriter to have the capital city's Ardmhéara Críona Ní Dhálaigh and our City Council endorse and support his Song/Art programme commemorating Ireland's 1916 Easter Rising for independence one hundred years ago. I greatly appreciate that vote of confidence in my work. Additional aid from the Irish Music Rights Organisation brings my project to a wider audience. I hope my suite of songs and stories will play a valuable role in the city's Decade of Commemoration plans. Songs are magic carpets so let’s enjoy our days as our songs travel worldwide with a true message of Dublin peace and goodwill.”

Cuirfear tús leis an spraoi ag 8 a chlog Dé Máirt seo chugainn i Halla na Cathrach agus mar bhuaicphointe an tráthnóna beidh réimse ceol á chloisteáil againn ó mhórshaothar Pete. Idir rogha na coitiantachta, amhráin nár chualathas cheana agus na cinn a bhaineann leis an Eirí Amach, beidh an halla faoi lán seoil le coim na hoíche.

CRÍOCH

Le tuilleadh eolais bí i dteagmháil le hOifig Caidreamh leis na Meáin, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Feedback