Leabharlann na Cúlóige - Nuashonrú

Printer-friendly version

Leabharlann na CúlóigeChun ullmhú d’athoscailt Leabharlann na Cúlóige, Bóthar Chúirt an Bharraigh, dúnfar láithreacht shealadach na Leabharlainne in Aonad 43, Ionad Siopadóireachta an Taoibh Thuaidh, don phobal ó 5.00pm Dé Sathairn, an 7 Nollaig.

Gabhann Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath leithscéal as ucht aon mhíchaoithiúlachta a chruthaítear duit.

Is é an DEA-NUACHT go bhfuil Leabharlann na Cúlóige ar Bhóthar Chúirt an Bharraigh, Baile Átha Cliath 17, le hathoscailt an 2 Eanáir 2020!

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil na brainsí leabharlainne is gaire do Chúlóg i nDomhnach Míde agus Ráth Eanaigh. Liosta iomlán de láithreacha leabharlainne.

Athnuachaintí ar Líne
Is féidir leat earraí atá ar iasacht a athnuachan mura bhfuil siad ag teastáil ó bhall eile den leabharlann. Athnuachan a dhéanamh ar líne anois... Murab eol duit d’Uimhir Aitheantais Phearsanta cheana féin, tá ceann ar fáil ag do leabharlann áitiúil i ndiaidh duit cárta bailí ballraíochta leabharlainne a sholáthar.

Thíos: An t-athchóiriú faoi lánseol, Lúnasa 2019

Leabharlann na Cúlóige

Coolock library refurbishment
 

location: 

Add new comment

Feedback