Love Leabhar Gaeilge

Printer-friendly version

Cluiche na CorónachTá leabhair Ghaeilge den scoth le fáil i leabharlanna áirithe Bhaile Átha Cliath an Seachtain na Gaeilge seo i gcomhar le Love Leabhair Gaeilge.

Seo rogha de leabhair Ghaeilge le daoine fásta a fháil ar iasacht:

 Cluiche na coronach. George R.R. Martin
Úrscéal fantaisíochta móréilimh, agus an chéad imleabhar sa tsraith eipiceach ‘A Song of Ice and Fire’ leis an úrscéalaí iomráiteach Meiriceánach George R. R. Martin — agus é aistrithe ag Oisín Ó Muirthile. Tá an tsraith aistrithe go hiliomad teangacha agus tá leagan scannánaithe ag HBO á chraoladh ar an teilifís go hidirnáisiúnta. I mBéarla, in 1996 a foilsíodh ar dtús é, faoin  teideal A Game of Thrones.
Seo chugainn an Geimhreadh!

 

Portráidí Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge: Glacadh ag Máire Uí Mhaicín. In eagar ag Dr Liam Mac Amhlaigh

Tionscadal eiseamláireach é Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge a dhéanann an Scríbhneoir Gaeilge a chomóradh agus a thugann ábhar grianghrafadóireachta den scoth i láthair an phobail. Sa chnuasach álainn lán-daite seo, foilsítear portráidí de 107 de na scríbhneoirí is aitheanta i saol na Gaeilge, idir údair liteartha agus scríbhneoirí acadúla, ar tógadh a bportráidí go digiteach idir 2009-2013, ag Máire Uí Mhaicín d’Fhoras na Gaeilge. Cuimsítear filí, úrscéalaithe, gearrscéalaithe, scríbhneoirí béaloidis, scríbhneoirí do pháistí, scoláirí léinn agus scríbhneoirí ó sheánraí liteartha eile. Cuirtear beathaisnéis agus, de réir mar a oireann, sliocht dá saothar go tánaisteach leo.

 

Bliainiris 11 Bliainiris 11.
Eagarthóirí Ruairí Ó hUiginn agus Liam Mac Cóil

Iris bhliantúil a dhíríonn ar ealaín an fhocail agus a chuireann leis an gcuspóir sin trí aird a dhíriú ar na healaíona eile, go háirithe ar an ealaín phictiúrtha.Ar na scríbhneoirí sa eagrán seo tá: Cormac Ó Gráda, Aindrias Ó Cathasaigh, Seán Mac Mathúna, Marie Whelton, Micheál Mac Craith, Fionntán de Brún, Art Ó Maolfabhail, Aingeal Ní Chualáin, Isobel Ní Riain agus Mry Creimin. Chomh maith le saothair ealaíne le Sinéad Ní Mhaonaigh.

 

Solas ar na dumhchannaí Solas ar na Dumhchannaí: Aistí i gCuimhne ar Mhuiris Ó Meara.
In eagar ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Siún Ní Dhuinn.

Ba mhór an stangadh a baineadh as pobal na Gaeilge nuair a cailleadh Muiris Ó Meara go hóg i samhradh na bliana 2014. Bhí an-ghealladh faoi Mhuiris mar scoláire agus mar scríbhneoir cruithaitheach. Iarradh ar chairde agus ar léachtóirí Mhuiris aistí acadúla a sholáthar don chnuasach aistí seo.
Cuimsíonn na haistí seo na réimse spéise a bhí ag Muiris féin: an scannánaíocht,an chritic chultúírtha, an amhránaíocht, an fhílíocht agus an Cumann Lúthchleas Gael.

 

Go mbeinnse choíche saor Go mbeinnse choíche saor. Scéalta le Máire Dinny Wren

Bailiúchán scéalta faoi mhná láidre a mbíonn orthu streachailt in éadan a ndíchumhachtaithe i saol nach bhfuil i gcónaí ceart ná cóir. Tá uaillmhian na saoirse le feiceáil sna mná seo, tallanna dochloíte na beatha a thugann orthu troid ar son a saoirse agus a neamhspleáchais. Foréigean, fealladh, dealús, imirce; tá siad go léir sna scéalta seo agus iad tiomáinte ag tuigsint ghéar ar an daonnacht agus ar an ghrá atá i gcroílár gach carachtair. Scéalta curtha i láthair i nguth fileata a thugann le fios go bhfuil i gcónaí níos mó ag tarlú ná mar a tchítear ar an chéad amharc.

 

Croí ag lorg an tSuaimhnis Croí ag lorg an tSuaimhnis. Dáithí Ó Ceallaigh OSA

Turais spioradálta agus creidimh Naoimh Agaistín agus na príomhphointí teagaisc agus Diagachta a tháinig uaidh sna Faoistiní agus i saothair eile maidir leis an mbeatha Chríostaí.

 

Evangelii Gaudium Gairdeas an tSoisceil. An Pápa Frainsias
An chéad Apostolic exhortation ó Phápa Francis.
"An Joy an tSoiscéil líonann an gcroí agus saol gach duine a bhíonn Íosa. Iad siúd a glacadh a thairiscint an tslánaithe a leagtar saor in aisce ó pheaca, brón, fholús inmheánach agus uaigneas. Le áthas Críost a rugadh i gcónaí as an nua. Sa exhortation mian liom a spreagadh an dílis Críostaí tabhairt ar chaibidil nua de evangelization marcáilte ag an-áthas, agus ag cur in iúl cosáin nua do thuras na hEaglaise sna blianta amach romhainn." Pápa Francis (Evangelii Gaudium)

 

Love Leabhar Gaeilge is a national campaign sponsored by Foras na Gaeilge, run by MeasMedia, and featuring all of the leading Irish language book publishers. Look out for Love Leabhar Gaeilge stands in libraries.

Foras na Gaeilge

Add new comment

Feedback