Bí linn le haghaidh Craic Saor in Aisce do Theaghlaigh ag Céilí Beag 2026 i mBarra an Teampaill

Published on 9th March 2026

St Patricks Festival & DCC Family Village

Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cuireadh a thabhairt do dhaoine de gach aoisghrúpa chuig Céilí Beag 2026, ar ceiliúradh spórtúil saor in aisce é atá oiriúnach do theaghlaigh, rud lena dtabharfar ceol, damhsa agus cultúr Gaelach traidisiúnta isteach go beoga go croílár Bharra an Teampaill!

Beidh an t-imeacht seo ar siúl i gCearnóg Theach an Tionóil Dé Domhnaigh an 15 Mártaó 2:00pm go 7:45pm. Bí linn i gCearnóg Theach an Tionóil le haghaidh tráthnóna den chéad scoth ina mbeidh:

  • Ceol traidisiúnta beo ó The Liffey Four
  • Rince gaelach ar fheabhas an tsaoil le hAcadamh Kavanagh Porter
  • Óstach fuinniúil Gaeilge le Seán Ó Maoilchiaráin
  • Spraoi teaghlaigh agus féiríní, chomh maith le péinteáil aghaidhe, málaí gualainne, t‑léinte agus boinn do pháistí
  • Taispeáint speisialta scannáin ó 6:15pm–7:45pm

Dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Comhairleoir Ray McAdam, agus moladh á thabhairt aige do chách chun páirt a ghlacadh, do chách chun páirt a ghlacadh, “Baile Átha Cliath le háthas an domhain air is ea Céilí Beag. Tagann ceol, rince agus teanga daoine le chéile i gcroílár ár bpríomhchathrach. Spreagaim do theaghlaigh, cairde agus cuairteoirí teacht chuig Cearnóg Theach an Tionóil ag Deireadh Seachtaine Fhéile Pádraig seo, cúpla focal a fhoghlaim agus ceiliúradh a dhéanamh ar na traidisiúin a thugann anam do Bhaile Átha Cliath.”

Tá cead isteach saor in aisce agus tá fáilte roimh dhaoine de gach aois. Tabhair cuairt ar chainéil oifigiúla Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le haghaidh tuilleadh eolais le do thoil.

CRÍOCH