Ceiliúrann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Seachtain na Gaeilge 2026

Published on 27th February 2026

Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Seachtain na Gaeilge 2026 a chéiliúradh. Is í an fhéile idirnáisiúnta Gaeilge Seachtain na Gaeilge a bhíonn ar siúl 1–17 Márta gach bliain. Tá an cuireadh céanna maidir leis an nGaeilge ann do chách i mbliana: Bain Triail Aisti!

Tá meascán spleodrach imeachtaí a bheidh ar siúl fud fad na cathrach ar an gclár i mbliana, idir imeachtaí cruthaitheacha, cheardlanna cultúir, shiúlóidí treoraithe, spórt, damhsa, ceol, chiorcail chomhrá agus Pop-Up Gaeltachtaí. Beidh na himeachtaí ar siúl i Leabharlanna na Comhairle Cathrach, ionaid phobail, áiteanna cultúir agus i gcomhpháirtíocht le grúpaí Gaeilge ar fud na cathrach.

Agus moladh á thabhairt do chách chun páirt a ghlacadh, dúirt Ard‑Mhéara Bhaile Átha Cliath, Ray McAdam, “Is ceiliúradh orainne mar chathair agus mar dhaoine é Seachtain na Gaeilge. Beidh Baile Átha Cliath beo le glór ár dteanga dúchasaí inár leabharlanna, inár n-ionaid phobail, inár sráideanna agus inár spásanna comhroinnte ón 1-17 Márta. 

Tá Seachtain na Gaeilge ar cheann de na himeachtaí ceiliúrtha is spreagúla i bhféilire cultúir na cathrach. Tagann daoine le chéile, neartaítear na naisc phobail agus cuirtear i gcuimhne dúinn nach rud ón am a chuaigh thart í ár dteanga, ach is rud beo áthasach agus lán de dheiseanna í. 

Tá bród ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tacaíocht a thabhairt do chlár a chuireann fáilte roimh chách, idir chainteoirí líofa, thosaitheoirí, theaghlaigh, agus phobail de gach saghas. Cé acu a bhfuil Gaeilge agat ar feadh do shaoil nó má tá cúpla focal agat, molaim duit céim chun cinn a thógáil, triail a bhaint as an nGaeilge, agus páirt a ghlacadh sa chéiliúradh iontach seo fud fad ár gcathrach.”

Buaicphointí d’imeachtaí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le linn Seachtain na Gaeilge:

  • Pop-Up Gaeltacht: Páirc na Madraí, Páirc San Anna, Domhnach 1 Márta, 09:00am-10:00am. Tabhair le do chara is fearr, is é sin, do mhadra agus beidh comhrá cairdiúil againn le chéile.
  • Club Leabhar na Cathrach: Lárleabharlann, Ionad siopadóireachta ILAC, Máirt 3 Márta, 5:30pm–6:40pm. Pléifimid an leabhar a roghnaíodh agus bainfimid sásamh as comhluadar a chéile dar ndóigh. Tá fáilte is fiche roimh léitheoirí nua. Má tá spéis agat bheith inár dteannta, déan teagmháil linn ag [email protected]
  • Make and Be: Ceardlann Cruthaitheach dátheangach, Leabharlann Fhionnghlaise, Céadaoin 4 Márta, 3:00pm–4:30pm. Ceardlann do theaghlaigh. Oiriúnach do pháistí 6+ agus duine fásta in éineacht leo. Cuir scairt ar 01 222 8330 nó seol r-phost chuig [email protected] chun d’áit a chur in áirithe.
  • Oíche Cluichí: Naisc Chultúir, Dún Richmond, Céadaoin 4 Márta, 06:00pm–07:30pm. Oíche cluichí cláir as Gaeilge. Cuirfear fáilte roimh gach duine — beag beann ar a leibhéal Gaeilge. Beidh fáilte roimh gach aoisghrúpa agus roimh theaghlaigh ar an oíche chomh maith.
  • Turas Siúil: ó Dhún Richmond go Cill Mhaighneann, Satharn 7 Márta, 11:00am. Gheobhaidh tú amach faoin stair cheilte fhairsing agus faoi na laochra áitiúla a mhúnlaigh stair agus cultúr na hÉireann.
  • Seisiún Damhsa le Sibéal Davitt: Naisc Chultúir, Dún Richmond, Máirt 10 Márta, 6:00pm–7:00pm. Ceardlann bríomhar ina mbeidh meascán idir dhamhsa comhaimseartha agus chéimeanna sean‑nós. Oiriúnach do dhaoine fásta agus daoine óga 12+.
  • FÍS: Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath, Déardaoin 12 Márta, 10:00am–06:00pm. Comhdháil mhór dhátheangach nua do dhaoine óga ina mbeidh níos mó 5,000 daoine, 100+ seastán agus trí dhíospóireacht phainéil faoi thodhchaí na Gaeilge i sochaí na hÉireann.
  • Amhránaíocht Spraíúil: Naisc Chultúir, Dún Richmond, Déardaoin 12 Márta, 11:00am. Is d’aon duine a bhfuil suim acu san amhránaíocht mar chuid de ghrúpa í Amhránaíocht Spraíúil. Bí i láthair leis an Ealaíontóir Cónaithe Michael McCartan. Ní gá go bhfuil taithí amhránaíochta agat, níl uait ach fonn páirt a ghlacadh.
  • Pop-Up Gaeltacht: The Cobblestone, Aoine 13 Márta, 4:30pm. Tabhair don Pop-Up Gaeltacht le haghaidh craic, caint agus ceol san institiúid chultúir seo.
  • Aqua Céilí: Linn Snámha Shráid Sheáin Mhic Dhiarmada, Aoine 13 Márta, 6:30pm–7:15pm. Céilí faoi leith ina mbeidh ceol, gluaiseacht agus rince Gaelach san uisce!
  • Turas 14 Sráid Henrietta: Satharn 14 Márta, 1:30pm. Iarsmalann staire sóisialta de shaol Bhaile Átha Cliath is ea 14 Sráid Henrietta. Déanaimid ceangal idir 300 bliain de stair an tsaoil uirbigh agus scéalta na ndaoine a chuir fúthu san áit seo. Is é 75 nóiméad fad an turais. Moltar do gach cuairteoir ticéid a fháil roimh ré ar an suíomh ghréasáin 14henriettastreet.ie nó scairt a chur orainn ar +353 1 5240383

Bígí linn!

CRÍOCH