Roghanna na Foirne: Glórtha an Tráthnóna

Published on 27th February 2026

Glórtha an Tráthnóna book cover. Female figure on left with five male figures in top right. Text on cover, Natalia Ginzburg, Glórtha an Tráthnóna. Aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin

Glórtha an Tráthnóna 
le Natalia Ginzburg, aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin
 

Club Leabhar na Cathrach bunaithe sa Lárleabharlann le cúpla bliain anuas.  Is pobal beag léitheoirí sinn a bhuaileann le chéile uair amháin sa mhí.  Pléimid an leabhar roghnaithe, cúrsaí litríochta agus bainimid sásamh as comhluadhar a chéile dar ndóigh trí Ghaeilge.  Beidh an feachtas léitheoireachta Éire ag Léamh ag tarlú arís ar an 28 Feabhra agus beimid ag léamh Glórtha an Tráthnóna le Natalia Ginzburg, aistrithe go Gaeilge ag Máire Nic Mhaoláin, ar an lá áirithe san agus sna laethanta ina dhiaidh.

Bhain Natalia Ginzburg cáil amach mar scíbhneoir san Iodáil tár éis an dara cogadh domhanda. Bhí Ginzburg agus a fear chéile faoi bhráca na hainnise le linn an tréimhse sin, polaitíocht an fhaisisteachais ba chúis leis.  Tá an scéal seo bunaithe i measc pobail beag tuaithe san Iodáil go luath tar éis deireadh an chogaidh agus deireadh an réimis ceannasach.  Pléitear téamaí éagsúla tríd reachtaire an scéil, Elsa, bean sna fichidí, cúrsaí clainne, an grá rúnda, cúlchaint an phobail san áireamh.  Tá an ceantar seo ag brath go mór ar dream De Francisci, ar leo monarcha éadaí, agus tá tionchar nach beag acusan ar chúrsaí i gcoitinne. Is úrscéal dea-scríofa gonta é agus tá an léitheoir seo ag baint sásamh as, pé scéal é.  Tá fáilte roimh bhaill nua bheith in ár dteannta sa Lárleabharlann; dean teagmháil linn ag [email protected].  Bláthú teanga í a léamh!