Skip to main content
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
Menu
Menu
Advanced Search

Main navigation (mobile)

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
Breadcrumb
  1. Home
  2. Residential
  3. Dublin Fire Brigade
  4. Fire Prevention and Community Fire Safety
  5. Community Fire Safety
Language switcher
  • English
  • Gaeilge

Comórtas Póstaeir um Shábháilteacht ó Dhóiteán do Bhunscoileanna

Back to Community Fire Safety
Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp
Fire Safety Week Poster - Gaeilge

Tá fíoráthas ar Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath a fhógairt go bhfuil Comórtas Póstaeir um Shábháilteacht ó Dhóiteán do Bhunscoileanna a reáchtáil againn chun tacú le Seachtain Náisiúnta na Sábháilteachta Dóiteáin, a bheidh ar siúl ón Luan  17 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh an 23  Deireadh Fómhair. 

Is é an príomhthéama i mbliana ná ‘Is féidir le háláram deataigh atá i riocht oibre do bheatha a shábháil?’

Is comhfhiontar é Seachtain Náisiúnta na Sábháilteachta Dóiteáin idir Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann (NIFRS), an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála (NDFEM) agus An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus tá sé á seoladh go fíorúil/ar líne Dé Luain an 17ú Deireadh Fómhair  2022 ag an Aire Daragh O’Brien agus NIFRS.

Tá Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath i gcónaí ag lorg bealaí nuálacha agus samhlaíocha chun ár dteachtaireacht um shábháilteacht ó dhóiteán a chur in iúl don phobal agus tá súil againn gur féidir leat tacú lenár bhfeachtas chun aird a dhíriú ar shábháilteacht dóiteáin agus aláraim deataigh a úsáid sa bhaile. I mbliana cuimseoidh ár bhfeachtas ár #red4ready, tá súil againn go gcabhróidh tú le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath feasacht ar shábháilteacht ó dhóiteán a chur chun cinn le do pháistí.

Féach ar na Póstaeir atá faoi iamh le haghaidh sonraí faoinár gcomórtas. Táimid ag tnúth leis na hiontrálacha a fheiceáil. 

Primary School Fire Safety Competition Poster
English version (2.5MB) Leagan Gaeilge (2.2MB)

Ba mhór againn dá spreagfá do mhúinteoirí sábháilteacht dóiteáin a chur san áireamh ina seomra ranga am éigin le linn Seachtain na Sábháilteachta Dóiteáin agus dá spreagfaidis na páistí chun foghlaim faoi shábháilteacht dóiteáin, ionas go mbeidh siad in ann an teachtaireacht thábhachtach seo a thabhairt abhaile leo. Táimid ag tnúth lena n-ealaín bunaithe ar shábháilteacht dóiteáin a fheiceáil.

Conas is féidir le do scoil páirt a ghlacadh i Seachtain na Sábháilteachta Dóiteáin? Cad faoi sheiceáil sábháilteachta dóiteáin a dhéanamh ar do scoil? Agus tú ag fanacht laistigh de threoirlínte FSS, mholfaimis duit do chleachtadh dóiteáin scoile a thástáil agus a chleachtadh, seiceáil go bhfuil d’aláram dóiteáin ag obair, go bhfuil do chomharthaí chuig an tslí amach éigeandála ceart go leor, go bhfuil do mhúchtóirí dóiteáin seirbhísithe agus nach stóráiltear ábhair feadh bealaí éalaithe, pasáistí nó sa staighre! I gceangal leis seo gheobhaidh tú ábhar treorach.                                                                               

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag https://firesafetyweek.ie/

Bí ag faire amach d’fheachtas #Red4ready de chuid Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath.

Tá sé ríthábhachtach sábháilteacht dóiteáin a chur chun cinn i measc páistí dá dtodhchaí, dá dteaghlaigh agus don phobal áitiúil. Téigh i dteagmháil le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath le do thoil má tá moltaí ar bith agat maidir lenár bhfeachtais amach anseo. 

Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp
Close

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle

Footer menu

  • Eolas Fúinn
    • Folúntais
    • An Fhoireann agus na Dualgais
    • An Nuacht agus Na Meáin
    • Beartais agus Cáipéisí
  • Conas dublincity.ie a Úsáid
    • An Inrochtaineacht ar an Láithreán Gréasáin
    • Ráiteas Príobháideachais
    • Téarmaí & Coinníollacha
    • Léarscáil Láithreáin
  • Oibleagáidí Reachtúla
    • Shaoráil Faisnéise
    • An Chosaint Sonraí
    • Access to Information on the Environment
    • An Nochtadh Cosanta
    • An Bhrústocaireacht
    • Acht na dTeangacha Oifigiúla
    • An Eitic
    • Public Sector Duty
    • Bye Laws
    • An Soláthar
  • Teagmháil / Aiseolas
    • Téigh i dTeagmháil Linn
    • Déan Iarratas ar Sheirbhís
    • Déan Íocaíocht
    • Déan Gearán
    • Comhairliúcháin Phoiblí

Customer Services GA

Address

Oifigí na Cathrach
Cé an Adhmaid
Baile Átha Cliath 8
Co. Dublin
D08 RF3F
Éire

Telephone Number
01 222 2222
Email Address
[email protected]

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council
Dublin City Council
Féach ar ár láithreán gréasáin eile

© 2023 Dublin City Council