Skip to main content
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council

Main navigation

  • Residential
  • Business
  • Your Council
Menu
Menu
Advanced Search

Main navigation (mobile)

  • Residential
  • Business
  • Your Council
Breadcrumb
  1. Home
  2. Media Releases
Language switcher
  • English
  • Gaeilge

Fleadh Margadh na Feirme

Back to Media Releases

Published on 13th May 2022

Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp

Tá an-áthas ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath imeacht nua ceoil tíre agus traidisiúnta saor in aisce a fhógairt i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath. 

Beidh an chéad ‘Fleadh Margadh na Feirme’ ar siúl i mbliana ar an 18ú agus 19ú Meitheamh idir 12in – 6in gach lá i gCearnóg Mhargadh na Feirme. 

Is é Cearnóg Mhargadh na Feirme an spás tiomnaithe is mó d’imeachtaí i lár chathair Bhaile Átha Cliath, agus is é Fleadh na bliana seo an chéad cheann dá leithéid a bheidh ar siúl san áit.  

Dúirt Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Alison Gilliland: “Tá fíoráthas orm Fleadh Margadh na Feirme de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a sheoladh chun spás a thabhairt do theaghlaigh agus do dhaoine óga chun taitneamh a bhaint as imeachtaí ceiliúrtha na Fleidhe amuigh faoin aer agus saor in aisce! Táimid an-bhródúil freisin as an ardán seo a thabhairt d’ealaíontóirí agus do cheoltóirí atá ag teacht chun cinn a gcuid buanna a thaispeáint tar éis sos fada ón gceol beo. Tá súil agam gur ócáid bhliantúil a bheidh anseo ag Cearnóg Mhargadh na Feirme, tógadh é le haghaidh imeachtaí díreach mar seo.”

Geallann an imeacht dhá lá clár de cheol beo ó raon ceoltóirí cumasacha ar fud shaol an cheoil tíre agus thraidisiúnta Éireannaigh, chomh maith le ceardlanna a mbainfidh an teaghlach ar fad sult astu. 

Eiseofar an clár agus tuilleadh eolais ar na himeachtaí sna seachtainí atá amach romhainn. Is í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a eagraíonn an ócáid seo le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. 

 

***I gceangal leis seo gheobhaidh tú saothar ealaíne an imeachta***

Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp

Related News

Close

Main navigation

  • Residential
  • Business
  • Your Council

Footer menu

  • About Us
    • Careers
    • Who Does What
    • News and Media
    • Policies and Documents
  • Using dublincity.ie
    • Website Accessibility
    • Privacy Statement
    • Terms & Conditions
    • Sitemap
  • Statutory Obligations
    • Freedom of Information
    • Data Protection
    • Access to Information on the Environment
    • Protected Disclosures
    • Lobbying
    • Official Languages Act
    • Ethics
    • Public Sector Duty
    • Sell to government
  • Get in Touch / Feedback
    • Contact Us
    • Make a Service Request
    • Make a Payment
    • Make a Complaint
    • Public Consultations

Customer Services Centre

Address

Civic Offices
Wood Quay
Dublin 8
D08 RF3F
Ireland

Telephone Number
01 222 2222
Email Address
[email protected]

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council
Dublin City Council
Visit our other sites

© 2022 Dublin City Council