Ábhair teimpléad CTCC (Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe) Suíomh Gréasáin an Údaráis Áitiúla

Mhol Tithíocht do Chách– Plean Tithíochta Nua d’Éirinn an Rialtais cáin nua chun talamh folamh a ghníomhachtú ar mhaithe le críocha cónaithe mar chuid den Chonair chun Soláthar Tithíochta Nua a Mhéadú.

Tháinig Cáin Talún Criosaithe Cónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Tá an próiseas chun talamh lena mbaineann an cháin a shainaithint ar siúl anois agus beidh an cháin iníoctha ó 2024. 

Áitiúil.​ Is é ullmhú na léarscáile forlíontaí an dara céim sa phróiseas déanta léarscáileanna RZLT. Tá céimeanna na léarscáile leagtha amach sa tábla thíos:​

Cáin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe - Céimeanna Léarscáile

Céim Léarscáile RZLT

Dáta Foilsithe

Táimid anseo

Dréachtléarscáil

1 Samhain 2022

Submission Closed

Léarscáil Fhorlíontach

1 Bealtaine 2023

Léarscáil Dheiridh

1 Nollaig 2023

 

Léarscáil a Athbhreithniú

go Bliantúil

 

Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar RZLT agus ar an léarscáil fhorlíontach léigh ‘Réamhrá ar Cháin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe’ agus ‘Cáin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe – Do Cheisteanna Freagartha’ (naisc thíos).

Aighneachtaí

Is féidir leis an bpobal aighneachtaí a dhéanamh ar léarscáil fhorlíontach RZLT Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faoin 1 Meitheamh 2023 ​(suas go dtí meán oíche ar an 1  Meitheamh 2023 ​ach gan é a chur san áireamh​).​​

Ní gá aighneacht a dhéanamh chun ​réadmhaoin chónaithe a bhaint den léarscáil.​Is féidir le haighneachtaí: dúshlán a thabhairt maidir le tailte áirithe a áireamh ar an léarscáil fhorlíontach ar an mbonn nach gcomhlíonann na tailte sin na critéir le bheith curtha ar an léarscáil Nasc Anseo ​< https://www.dublincity.ie/residential/planning/active-land-management/residential-zoned-land-tax/criteria-inclusion-map > ;​ dúshlán a thabhairt maidir leis an dáta a meastar go gcomhlíonann an talamh​ na critéir seo; nó d’fhéadfaí athrú criosaithe a iarraidh.

Ba cheart go mbeadh ainm agus seoladh, cúiseanna le tailte a eisiamh, mar aon le léarscáil de scála 1:1000, ag aithint go soiléir an réimse talún atá faoi réir na haighneachta a bheith in aighneachtaí ag Úinéirí Talún.

Is féidir aighneacht a dhéanamh chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath mar seo a leanas:

Is féidir aighneacht i scríbhinn a dhéanamh go leictreonach (féach an nasc thíos chuig an bhfoirm iarratais)

I scríbhinn chuig “Léarscáil Fhorlíontach RZLT”, an tAonad um Bhainistíocht Talaimh Ghníomhach, an Roinn Pleanála agus Forbartha Maoine, Bloc 4, Urlár 3, Oifigí na Cathrach, an Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8, D08 RF3F (féach an nasc thíos le foirm iarratais in-íoslódáilte; ullmhaíodh an fhoirm seo chun cabhrú leat aighneacht a dhéanamh)

Foilseofar aon aighneachtaí scríofa den chineál sin a gheofar faoin 1 Meitheamh 2023 seachas gnéithe d'aighneacht a bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith mar chuid díobh, ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tráth nach déanaí ná an 11 Meitheamh 2023.

Residential Zone Land Tax (RZLT) Supplemental Map Submission Form