Bruscar, Dumpáil Neamhdhleathach agus Graifítí

Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath freagrach as bruscar a bhainistiú, dumpáil neamhdhleathach a bhaint in áiteanna poiblí agus graifítí a bhaint ó réadmhaoin phoiblí sa chathair. Tá freagracht orainn freisin as an dlí agus rialacháin a bhaineann leis na saincheisteanna seo a fhorfheidhmiú.