Tá Leabharlann Fhionnghlaise ag bogadh!
Published on 26th May 2023
Beidh an leabharlann atá ann faoi láthair (in Ionad Siopadóireachta Shráidbhaile Fhionnghlaise) ag dúnadh Dé Sathairn an 24 Meitheamh, agus tá súil againn ár n-áitreabh nua ar Bhóthar Shéamais Mhic Aonghasa (os comhair Scoil Cailíní Naomh Cainneach) a athoscailt níos deireanaí sa samhradh.
Coinnigh súil amach ar ár leathanach Facebook agus ar láithreán gréasáin Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath chun an t-eolas is déanaí a fháil.
Nuair a bheimid dúnta, is féidir leat do chuid earraí a thabhairt ar ais fós chuig an mbosca seachadta taobh amuigh de dhoras na leabharlainne san fhorsheomra thuas staighre, nó chuig aon leabharlann phoiblí eile.
Beidh an fhoireann gnóthach ag pacáil an stoic ar fad agus mar sin ní bheimid féin in ann seirbhís ar an láthair a chur ar fáil ach más gá teagmháil a dhéanamh linn, is féidir leat glaoch a chur orainn ag 01 222 8330 nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]
T: 01 222 8330
Ríomhphost: [email protected]
Is féidir leat do chuid earraí a athnuachan ar líne trí aip Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath (Google Play - Android | iTunes - iOS) ach úsáid a bhaint as uimhir agus uimhir aitheantais phearsanta do chárta leabharlainne.
Má tá ort nithe a phriontáil nó a fhótachóipeáil, is í leabharlann Bhaile Munna an leabharlann is gaire leis na seirbhísí sin (01 222 8355 nó seol ríomhphost chuig [email protected]).
Tá seirbhísí cóipeála agus seirbhísí eile priontála ar fáil i sráidbhaile Fhionnghlaise.