Aitheantas Náisiúnta do Ghaeilge365 ag Gradaim na Seirbhísí Poiblí Níos Fearr 2026
Published on 3rd July 2026
Aitheantas tugtha do na ceithre údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath as Nuálaíocht ar Scála i leith seirbhísí poiblí Gaeilge
Tosaíonn Gaeilge365 le ceist shimplí: cad a tharlódh dá mbeadh nuálaíocht i nGaeilge ag croílár ár seirbhísí poiblí?
Tá aitheantas tugtha don fhís sin anois ar leibhéal náisiúnta, ainmníodh an clár Gaeilge365, atá faoi stiúir cheithre údarás áitiúil Bhaile Átha Cliath agus i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, mar an tionscadal nuálaíochta is fearr sna Seirbhísí Poiblí ag Gradam na Seirbhísí Poiblí Níos Fearr 2026.
Ar fud Bhaile Átha Cliath, tá pobail ag feiceáil na nuálaíochta sin i ngníomh cheana féin, agus Gaeilge365 ag cur smaointe cruthaitheacha agus deiseanna chun cinn do dhaoine chun an Ghaeilge a úsáid ina saol laethúil.
Ag searmanas in Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann, bhronn an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digitithe, Jack Chambers TD, na gradaim seo a cheiliúrann sármhaitheas, nuálaíocht agus tionchar sibhialta in earnáil phoiblí na hÉireann. I mbliana, gearrliostáladh 36 tionscnamh san iomlán thar dhá chatagóir déag.
Ag labhairt ag an searmanas, dúirt an tAire Chambers, “Sna tionscadail bhuaiteacha, feicimid claochlú digiteach ar an gcaoi a mbíonn daoine ag plé leis an Stát, feabhas ar chinntí agus ar thorthaí sonraí, agus seirbhísí atá deartha timpeall ar fhíor-riachtanais úsáideoirí. Feicimid nuálaíocht ní hamháin tástáilte, ach scálaithe agus tiomantas soiléir don chuimsiú agus don inbhuanaitheacht.”
Tugadh aitheantas do Gaeilge365 as a chur chuige forásach agus cruthaitheach i leith seachadadh seirbhísí poiblí, ag athshamhlú conas is féidir le rialtas áitiúil tacú leis an nGaeilge agus í a shuíomhú go gníomhach i spásanna uirbeacha laethúla, ag neartú seirbhísí dátheangacha níos cuimsithí.
Dúirt Clárbhainisteoir Gaeilge365, Dáithí de Buitléir, “Is é Gaeilge365 an clár nuálaíochta teanga a fhreastalaíonn ar cheithre údarás áitiúil Bhaile Átha Cliath. Is é ár misean lánacmhainneacht na Gaeilge a bhaint amach do Bhaile Átha Cliath agus deiseanna a chruthú agus a leathnú do dhaoine ar gach cumas Gaeilge chun an Ghaeilge a úsáid agus taitneamh a bhaint aisti ina saol laethúil. Táimid ag obair chun 150,000 deis labhartha Gaeilge a chruthú ar fud Bhaile Átha Cliath faoi 2028.
Le bliain anuas, tá réimse tionscnamh nuálach curtha i gcrích againn atá ceaptha chun an Ghaeilge a dhéanamh níos infheicthe, níos inrochtana agus níos taitneamhaí. Ina measc seo tá Binsí Comhrá, a théann i ngleic le huaigneas uirbeach trí dhaoine a nascadh le chéile ar bhinsí poiblí trí shuim roinnte sa Ghaeilge; agus cláir óige ar nós Foraois agus Snámh le Spraoi, atá ag tógáil pobail de chainteoirí óga Gaeilge a úsáideann an Ghaeilge mar theanga laethúil spóirt, ealaíon agus cairdis.
Trí phobail, eagraíochtaí cultúrtha, scoileanna agus seirbhísí áitiúla a thabhairt le chéile, táimid ag léiriú conas is féidir le nuálaíocht úsáid na teanga a neartú, naisc shóisialta a chothú agus deiseanna bríocha a chruthú do dhaoine chun teagmháil a dhéanamh leis an nGaeilge ina saol laethúil.”
Aithníonn an gradam, ní amháin éachtaí an chláir go dtí seo, ach freisin an cumas atá aige todhchaí chur chun cinn na Gaeilge a mhúnlú san earnáil phoiblí, rud a chruthaíonn samplaí fíor de sheirbhísí poiblí dátheangacha ár dtodhchaí. Ag tógáil ar an rath seo, leanfaidh Gaeilge365 ag forbairt clár agus comhpháirtíochtaí nuálacha a thacaíonn le fás na bpobal Gaeilge ar fud Bhaile Átha Cliath.
***Féach Pictúir 1 - Rónán Mac Lochlainn, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Comhairle Contae Dún Laoghaire - Ráth an Dúin, Pauline Mulligan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, Tríona Ní Mhathúna, Príomhoifigeach Cúnta, An Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail & Gaeltachta, Frank Feighan TD, Aire Stáit, An Roinn Caiteachais Phoiblí Bonneagair Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin agus Daithí de Buitléir, Clárbhainisteoir, Gaeilge365***
DEIREADH