James Joyce agus a raibh de Ghaeilge ina thimpeall
Times & Dates
Ceiliúrfar James Joyce sa Lárleabharlann le linn mí an Mheithimh, mar is cuí don tráth seo den bhliain. Tá áthas ó chroí orainn go mbeidh Alan Titley, saineolaí ar an nGaeilge, inár dteannta ar an 11 Meitheamh ag 18.30 ag plé an scríbhneora iomráitigh. Ní raibh cáil na Gaeilge ar James Joyce ná mórán bá aige leis na gluaiseachtaí liteartha in Éirinn lena linn. Mar sin féin, bhí taibhsí na Gaeilge ina thimpeall an t-am ar fad agus ba dhícheall dó éalú uathu. Iarracht í an chaint seo ar ghreim a bhreith ar scáil na dtaibhsí sin. Tá fáilte roimh chách ach caithfear clárú roimh ré.
Join us at the Central Library on 11 June at 18:30 as we celebrate James Joyce, one of Ireland’s most celebrated writers, in the company of Irish language scholar Alan Titley. This is an Irish language event and is open to all levels, however, registration is required.
Spaces are limited,
Please click Here