Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath

Is é Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath (BDBÁC) do sheirbhís dóiteáin, tarrthála agus otharchairr éigeandála. Is sinne an bhriogáid lánaimseartha is mó sa tír. Tá 12 stáisiún lánaimseartha agus dhá stáisiún pháirtaimseartha againn i láithreacha straitéiseacha ar fud Bhaile Átha Cliath agus is féidir linn freagairt d’éigeandálaí 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bliain.