An Ghaeilge

Ceanglaíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ar chomhlachtaí poiblí chun scéim a ullmhú ina sonraítear na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil trí mheán:

  • na Gaeilge
  • an Bhéarla
  • na Gaeilge agus an Bhéarla

Leagtar amach sa Scéim seo na seirbhísí a chuireann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar fáil agus na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge.

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar oifig neamhspleách reachtúil a oibríonn mar sheirbhís ombudsman agus mar ghníomhaireacht chomhlíonta. Is féidir teacht ar bhreis faisnéise ag www.coimisineir.ie

Do ghnó a dhéanamh le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath trí Ghaeilge

Bíonn fáilte roimh chustaiméirí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i gcónaí chun tabhairt faoina ngnó linn i nGaeilge.

Déanann an tAonad Forbartha Gaeilge ceanglais reachtúla reachtaíocht na Gaeilge a chomhordú agus a chur i bhfeidhm, Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ina measc. Tá an tAonad freagrach, chomh maith, as Scéim Teanga 2015-2018 a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, ina leagtar amach na seirbhísí a chuireann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar fáil trí Ghaeilge, agus conas atá seirbhísí Gaeilge le forbairt agus le feabhsú i gcaitheamh shaolré na scéime.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Forbartha Gaeilge ag:

An tAonad Forbartha Gaeilge
Oifigí na Cathrach
Cé an Adhmaid
BÁC 8

Irish Development Unit
Dublin City Council
Wood Quay
Dublin 8

T. 01 222 3973 [email protected]

 

Contact Details