Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath
Is í Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath do sheirbhís dóiteáin, tarrthála agus otharchairr éigeandála. Is muidne an bhriogáid lánaimseartha is mó in Éirinn, agus 12 stáisiún lánaimseartha agus dhá stáisiún pháirtaimseartha againn i suíomhanna straitéiseacha ar fud Bhaile Átha Cliath. Freagraímid d’éigeandálaí 24 uair sa lá, 365 lá sa bhliain.
