Ceapadh Owen P. Keegan mar Phríomhfheidhmeannach Chathair Bhaile Átha Cliath i Meán Fómhair 2013, i ndiaidh dó fónamh mar Bhainisteoir Contae ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin (CCDLRD) ó Fheabhra 2006.
Is ó Bhaile Átha Cliath atá an tUasal Keegan. Tá céimeanna bainte amach aige sa riarachán poiblí, san eacnamaíocht agus san innealtóireacht shibhialta. Sular thosaigh sé ag oibriú le CCDLRD, d’oibrigh sé le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, áit ar oibrigh sé mar Bhainisteoir Cathrach Cúnta agus Stiúrthóir Tráchta. Roimh Dheireadh Fómhair 1993, d’oibrigh sé mar eacnamaí le Sainchomhairleoirí Geilleagracha DKM/Stocbhróicéirí Davy. D’oibrigh sé, chomh maith leis sin, sa Roinn Airgeadais, san ITES, agus ar feadh dhá thréimhse sa Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
Ról Phríomhfheidhmeannach Chathair Bhaile Átha Cliath
Mar Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tá Owen freagrach as oibríochtaí laethúla na Comhairle. Tá freagracht air, chomh maith, as cinntí na comhairle a chur i bhfeidhm. Oibríonn sé le d’ionadaithe tofa (Comhairleoirí) agus le foireann na comhairle chun fís chathair chruthaitheach agus inbhuanaithe Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a fhíorú.