Ainmniú Comórtha
Is é an cuspóir atá le do chuid sonraí a phróiseáil ná d'iarratas ar Ainmniú Comórtha ar Bhonneagair agus ar sholáthar Shéadchomharthaí, Cuimhneacháin agus Plaiceanna.
Déanfaidh oifigigh shinsearacha sa Roinn Cultúir, Áineasa agus Seirbhísí Eacnamaíochta measúnú ar an bhfaisnéis a chuirfidh tú ar fáil, ar an gcéad dul síos. Déanfaidh an Coiste um Ainmniú Comórtha (ina bhfuil ochtar Comhairleoir Cathrach) d'iarratas a mheasúnú ansin.
Coinneofar do chuid faisnéise ar feadh trí bliana nó 2 bhliain tar éis don togra a bheith curtha i gcrích.