Rialacháin, Téarmaí agus Coinníollacha
- Is féidir le haon duine a bhfuil cárta bailí leabharlainne poiblí aige/aici ó aon údarás leabharlainne sa tír earraí a chur in áirithe agus a fháil ar iasacht ó Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath. Níl roinnt ábhar agus seirbhísí digiteacha ar fáil ach do phátrúin a bhfuil cárta bailí Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath acu. Féach ar ár leathanach ríomh-Acmhainní le haghaidh sonraí.
- Is féidir le haon duine atá ina chónaí nó ag obair/ag staidéar i gCathair nó i gContae Bhaile Átha Cliath nó aon duine a bhfuil cárta bailí leabharlainne poiblí aige/aici ó aon údarás leabharlainne sa tír iarratas a dhéanamh ar chárta Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath. Bíodh gur féidir le duine ar bith a bhfuil cárta bailí leabharlainne poiblí aige/aici ó aon údarás leabharlainne sa tír earraí a chur in áirithe agus a fháil ar iasacht ó Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath, tá cárta bailí leabharlainne Chathair Bhaile Átha Cliath ag teastáil chun teacht ar roinnt ábhar agus seirbhísí digiteacha ar nós Oxford Dictionary of Family names, OED etc. Féach ar ár leathanach ríomh-Acmhainní le haghaidh sonraí.
- Ar mhaithe lé bheith páirteach, ní mór do dhuine:
a) Foirm iarratais oifigiúil ar líne a chomhlánú, nó ar an láthair i leabharlann bhrainse.
b) A mballraíocht a bhailíochtú trí chuairt a thabhairt ar bhrainse leabharlainne agus aitheantas fótagrafach (cé hiad féin) agus cruthúnas ar cheart cónaithe (áit a bhfuil cónaí orthu) a chur ar fáil.
I measc na bhfoirmeacha inghlactha d'aitheantas fótagrafach tá pas; ceadúnas tiomána; cárta mic léinn; aitheantas aoischárta an Gharda Síochána do dhaoine óga; cárta aitheantais foirne eisithe ag fostóir.
- I measc na foirme inghlactha de chruthúnas le déanaí (laistigh de shé mhí anuas) ar sheoladh baile reatha tá bille le déanaí maidir le gás, leictreachas, teileafón, fón póca; ráiteas bainc.
Más rud é ar chúis ar bith nach bhfuil tú in ann aitheantas agus/nó cruthúnas ar sheoladh baile a chur ar fáil, déan teagmháil le do leabharlann áitiúila shocróidh rud éigin. - Ní mór do leanaí agus do dhaoine óga faoi bhun ocht mbliana déag d'aois ar mian leo a bheith páirteach cead tuismitheora nó caomhnóra a fháil a chaithfidh an fhoirm riachtanach a shíniú ag aon bhrainse leabharlainne ar a son. Tá tuismitheoirí/caomhnóirí freagrach as roghanna a leanaí agus ábhair agus seirbhísí leabharlainne, lena n-áirítear úsáid na leabharlainne agus rochtain ar an Idirlíon.
- Is iad seo a leanas na príomhchatagóirí ballraíochta:
a) Duine Fásta – rochtain ar gach bailiúchán leabharlainne agus ar an Idirlíon.
b) Leanbh faoi 12: rochtain ar leabharlann na leanaí (ríomh-acmhainní san áireamh); do DVDanna suas go rátáil PG, físchluichí le rátáil 3 agus/nó 7 ag brath ar aois; agus ar sheirbhísí Idirlín, nuair a bhíonn aosach in éineacht leis.
c) Aosach Óg 12-14: rochtain ar leabharlann leanaí agus aosaigh óga (ríomh-acmhainní san áireamh); ar DVDanna suas go rátáil 12, cluichí físeáin suas go rátáil 12; agus ar sheirbhísí Idirlín.
d) Aosach Óg 15-17: rochtain ar leabharlann na n-aosach (ríomh-acmhainní san áireamh); ar DVDanna suas go 15 rátáil, ar chluichí físeáin suas go dtí rátáil 12 nó 16 ag brath ar aois; agus ar sheirbhísí Idirlín.
e) Aosach Óg Plus: rochtain ar leabharlann na ndaoine fásta (ríomhacmhainní san áireamh); ar DVDanna agus ar chluichí físeáin ag teacht le haois an iasachtaí, agus ar sheirbhísí Idirlín - Ní mór do gach duine a úsáideann seirbhísí chóras leabharlainne poiblí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath aontú go gcloífidh siad leis na téarmaí agus coinníollacha (féach thíos) mar atá leagtha síos ó am go ham ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
- Ní mór do dhaoine ar mian leo úsáid a bhaint as Seomra Léitheoireachta Bhailiúchán Bhaile Átha Cliath & na hÉireann agus Chartlann na Cathrach ag Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath, Sráid an Phiarsaigh, glacadh le roinnt téarmaí agus coinníollacha breise go pearsanta sa seomra léitheoireacht.
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá Téarmaí agus Coinníollacha faoi réir athrú gan fógra. Ní mór do bhaill chláraithe* de Leabharlanna Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cloí leis na téarmaí agus coinníollacha seo a leanas:
- Aontaíonn na baill aire mhaith a thabhairt do na hábhair leabharlainne go léir a fuarthas ar iasacht agus, ach amháin d'ábhar leanaí, aontaíonn siad aisíocaíocht a thabhairt do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath as costas aon chaillteanais nó damáiste do na hábhair seo.
- Aontaíonn na baill aon mhuirear a bhaineann le húsáid áiseanna, ábhar agus seirbhísí leabharlainne a íoc go pras.
- Tá tuismitheoirí agus caomhnóirí dlíthiúla freagrach as roghnúcháin a leanaí agus as úsáid ábhar agus seirbhísí leabharlainne, lena n-áirítear rochtain ar an idirlíon agus iompar na leanaí ar áitribh leabharlainne.
- Ceanglaítear ar bhaill comhairle a thabhairt d'fhoireann na leabharlainne, a luaithe is féidir, faoi aon athrú ar shonraí ballraíochta nó faoi chailleadh cárta leabharlainne.
- Bíonn ar na baill a gcárta leabharlainne a thabhairt leo agus iad ag tabhairt cuairt ar an leabharlann de réir mar a theastaíonn sé ar mhaithe le hearraí a fháil ar iasacht nó na háiseanna ríomhaireachta a úsáid. Mura bhfuil an cárta leat, beidh ort aitheantas fótagrafach a thaispeáint sular féidir leat earra a fháil ar iasacht nó na háiseanna ríomhaireachta a úsáid.
- Féadfar UAP agus/nó pasfhocal a eisiúint do bhaill chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne. Ní mór do bhaill a chinntiú nach roinntear an UAP/pasfhocal le duine ar bith eile, scríofa ar chárta leabharlainne nó in áit ar bith a chuirfeadh isteach ar shlándáil an UAP/an phasfhocail.
- Ní mór do bhaill cloí i gcónaí le Cód Iompair Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus iad ag úsáid áiseanna na leabharlainne agus cloí le treo dleathach fhoireann na leabharlainne. Féach fosta Cairt Chustaiméirí
- Ní mór do chomhaltaí coinníollacha an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000 a chomhlíonadh.
- Ní mór do bhaill a úsáideann Leabharlann Chathair Bhaile Átha Cliath and Seomra Léitheoireachta Cartlainne chun críocha taighde cloí leis na téarmaí agus coinníollacha breise a bhfuil feidhm leo.
*Baineann na téarmaí agus coinníollacha seo freisin le daoine atá ag úsáid seirbhísí leabharlanna poiblí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath mar bhaill d'údarás leabharlainne atá rannpháirteach sa chóras bainistíochta leabharlainne comhroinnte náisiúnta.