Foirm Iarratais Pleanála

Is gá duit iarratas a dhéanamh ar chead pleanála, go ginearálta, d’aon fhorbairt a dhéantar ar thalamh nó réadmhaoin. Áirítear leis seo tógáil, scartáil, athrú ar thalamh nó foirgnimh, agus athrú ábhartha a dhéanamh (i.e. athrú suntasach) ar an úsáid a bhaintear as talamh nó foirgnimh.