An Ghaeilge
BÁC le Gaeilge : úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa chathair/ promoting the use of the Irish language in throughout Dublin
Ceanglaíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ar chomhlachtaí poiblí chun scéim a ullmhú ina sonraítear na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil trí mheán:
- na Gaeilge
- an Bhéarla
- na Gaeilge agus an Bhéarla
Leagtar amach sa Scéim seo na seirbhísí a chuireann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar fáil agus na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge.
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar oifig neamhspleách reachtúil a oibríonn mar sheirbhís ombudsman agus mar ghníomhaireacht chomhlíonta. Is féidir teacht ar bhreis faisnéise ag www.coimisineir.ie
Do ghnó a dhéanamh le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath trí Ghaeilge
Bíonn fáilte roimh chustaiméirí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i gcónaí chun tabhairt faoina ngnó linn i nGaeilge.
Déanann an tAonad Forbartha Gaeilge ceanglais reachtúla reachtaíocht na Gaeilge a chomhordú agus a chur i bhfeidhm, Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ina measc. Tá an tAonad freagrach, chomh maith, as Scéim Teanga 2015-2018 a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, ina leagtar amach na seirbhísí a chuireann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar fáil trí Ghaeilge, agus conas atá seirbhísí Gaeilge le forbairt agus le feabhsú i gcaitheamh shaolré na scéime.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Forbartha Gaeilge ag:
An tAonad Forbartha Gaeilge
Oifigí na Cathrach
Cé an Adhmaid
BÁC 8
Irish Development Unit
Dublin City Council
Wood Quay
Dublin 8
T. 01 222 3973 [email protected]