Aimsigh Ionad Pobail i mBaile Átha Cliath
Tá ionaid phobail agus áineasa Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ann le go mbeidh do phobal in ann iad a úsáid agus taitneamh a bhaint astu. Agus seomraí cruinnithe, hallaí spóirt agus fóntais agus seirbhísí eile ann, is féidir le d’ionad áitiúil cabhrú le muintir do phobail a thabhairt le chéile.
Suite ar fud na cathrach, cuireann ár n-ionaid phobail agus áineasa spás sábháilte, dearfach agus inrochtana ar fáil do gach cineál gníomhaíochtaí a bhaineann leis an bpobal.