Skip to main content
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
Menu
Menu
Advanced Search

Main navigation (mobile)

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle
Breadcrumb
  1. Home
  2. Council
  3. Nuacht agus Foilseacháin
  4. Beartais agus Cáipéisí Corparáideacha
Language switcher
  • English
  • Gaeilge

Ráiteas um Chosaint Leanaí

Back to Beartais agus Cáipéisí Corparáideacha
Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp

I gcomhréir le ceanglais an Achta um Thús Áite do Leanaí, 2015 agus le ceanglais Thús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Leanaí 2017, rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath comhaontú ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí a leagtar amach sa cháipéis seo. Tá an Chomhairle freagrach as réimse seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí agus cuairteoirí chuig Baile Átha Cliath, agus seirbhísí dóiteáin agus éigeandála, tithíochta agus pobail, bóithre agus iompair, pleanála uirbí agus seirbhísí forbartha, cultúir, chomh maith le seirbhísí comhshaoil agus fiontraíochta ina measc.

Aithníonn an Chomhairle Chathrach gur gá breithnithe ar chosaint agus leas leanaí a léiriú i ngach aon cheann dá beartais, dá nósanna imeachta, dá cleachtais agus dá gníomhaíochtaí. Cloífidh an Chomhairle Chathrach leis na prionsabail seo a leanas dea-chleachtais nuair a bhíonn leanaí á gcosaint ina beartais, nósanna imeachta, cleachtais agus gníomhaíochtaí:

  • Déanfaidh an Chomhairle aitheantas a tabhairt dó go mbaineann ríthábhacht le cosaint agus leas leanaí, beag beann ar na ceisteanna eile atá le bheith curtha san áireamh chomh maith.
  • Déanfaidh an Chomhairle a hoibleagáidí reachtúla faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 agus reachtaíocht ábhartha eile a bhaineann le cosaint agus leas leanaí a chomhlíonadh.
  • Déanfaidh an Chomhairle comhoibriú leis na húdaráis reachtúla ábhartha maidir le saincheisteanna um chosaint leanaí.
  • Glacfaidh an Chomhairle le cleachtais shábháilte Chun an fhéidearthacht a íoslaghdú go ndéanfar díobháil do leanaí.
  • Déanfaidh an Chomhairle meas iomlán a léiriú ar cheanglais rúndachta nuair a dhéileáiltear le ceisteanna um chosaint leanaí.

Forbraíodh ár Ráiteas um Chosaint Leanaí ar aon dul leis na ceanglais faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015, 'Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Leanaí (2017)' agus faoi 'Cosaint Leanaí: Treoir maidir le Beartas, Nós imeachta agus Cleachtas' arna ullmhú ag Tusla. Tá na torthaí a bhíonn ar mheasúnuithe riosca ar aon díobháil a d'fhéadfaí a dhéanamh do leanbh fad a bhíonn ár seirbhísí curtha ar fáil dóibh curtha san áireamh ann freisin. Tacaíonn na nósanna imeachta* seo a leanas lenár gcuspóir Chun leanaí a chosaint fad a gcuirtear ár seirbhísí ar fáil dóibh:

  • An nós imeachta Chun oibrithe agus oibrithe deonacha a earcú agus a roghnú Chun oibriú le leanaí.
  • An nós imeachta Chun oiliúint agus faisnéis ar chosaint leanaí a sholáthar agus a dhéanamh inrochtana, a shainaithint nuair a dhéantar díobháil do leanaí san áireamh.
  • An nós imeachta Chun bainistíocht a dhéanamh ar líomhaintí mí-úsáide nó mí-iompair in aghaidh oibrithe/oibrithe deonacha linbh a gcuirtear ár seirbhís ar fáil dóibh.
  • An nós imeachta Chun buarthaí faoi chosaint nó leas leanaí a thabhairt le fios do Tusla.
  • An nós imeachta Chun liosta a choimeád de na daoine (más ann dóibh) sa tseirbhís ábhartha ar daoine faoi shainordú iad.
  • An nós imeachta Chun duine ábhartha a cheapadh.

* Tá gach nós imeachta atá liostaithe arfái/ ach iarratas a dhéanamh.

Comhairle Cathrach Bhaile Atha Cliath Dublin City Council.

Faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015, ceanglaítear ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Chun tabhairt faoi mheasúnú ar aon bhaol féideartha a d'fhéadfaí a dhéanamh do leanbh mar gheall ar mhí-úsáid fad a chuirtear ár seirbhísí ar fáil dó/di. Tá liosta thíos de na limistéir riosca a sainaithníodh chomh maith le liosta de na nósanna imeachta Chun na rioscaí seo a bhainistiú.

Riosca a chruthaíonn an fhoireann nó oibrí cleonach.

  • Nósanna Imeachta Daingne Earcaíochta.
  • Nósanna Imeachta Daingne Earcaíochta.
  • Nósanna Imeachta cuí Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.
  • Oifigigh Shainithe Idirchaidrimh um Chosaint Leanaí a cheapadh.
  • Cód iompair don fhoireann chun treoir shoiléir a sholáthar d'fhostaithe agus oibrithe deonacha maidir conas caitheamh le leanaí.
  • Beartas um Chosaint Leanaí a chur i bhfeidhm ar aon dul le riachtanais Thús Aite do Leanaí.
  • An oiliúint ábhartha ar Chosaint Leanaí a chur ar an bhfoireann.
  • Nósanna imeachta chun déileáil le líomhain a rinneadh maidir le mí-úsáid in aghaidh fostaí / oibrí deonach.

Riosca a chruthaíonn úsáideoir seirbhíse eile.

  • Cóimheasa leordhóthanacha idir an fhoireann agus leanaí.
  • Maoirseacht chuí á déanamh ag an bhfoireann ar leanaí/dhaoine óga.
  • Úsáid chuí a bhaint as CTI [CCTV sa Bhéarla].
  • Foireann slándála sna Seirbhísí ábhartha.
  • Cód iompair d'úsáideoirí seirbhíse ar taispeáint sna seirbhísí ábhartha.
  • Tuismitheoirí/caomhnóirí curtha ar an eolas ar an ngá atá le maoirseacht a dhéanamh ar leanaí go cuí i bhfoirgnimh agus seirbhísí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.

Riosca nach ndéanfar an tAcht um Thús Áite do Leanaí, 2015 agus Treoir Náisiúnta a chomhlíonadh.

  • Beartas agus Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí a chur i bhfeidhm - an tAcht um Thús Aite do Leanaí a chomhlíonadh.
  • Earcaíocht agus roghnú cuí fostaithe agus oibrithe deonacha.
  • Nósanna imeachta cuí grinnfhiosrúcháin (i gcomhréir leis an Acht um an mBiúró Náisiúnta
  • Grinnfhiosrúcháin, 2012-2016) a bheith i bhfeidhm do na fostaithe agus oibrithe deonacha ábhartha go léir.
  • Oiliúint chuí a chur ar an bhfoireann.
  • DAIanna agus Leas-DAlanna a cheapadh agus an oiliúint a chur orthu.
  • Na daoine faoi shainordú laistigh den eagraíocht a shainaithint agus liosta de dhaoine faoi shainordú a choimeád ag Oifigeach Cosanta.
  • Measúnú Riosca agus Ráiteas um Chosaint Leanaí a chomhlánú.

Níl an riosca/an bhuairt go ndéanfar díobháil á (h)aithint ag an bhfoireann/an t-oibrí deonach.

  • Oiliúint ábhartha ar Chosaint Leanaí agus feasacht ar Chosaint Leanaí á cur ar an bhfoireann go léir.
  • Nósanna imeachta soiléire maidir le tuairisciú i bhfeidhm.
  • Sonraí faoin DAI scaipthe ar an bhfoireann go léir agus sonraí teagmhála ar fáil ar an inlíon.
  • Beartas um Chosaint Leanaí curtha i bhfeidhm atá comhlíonach le riachtanais Thús Aite do Leanaí.

Comhairle Cathrach Bhaile Atha Cliath Dublin City Council

An riosca go ndearnadh Díobháil do dhuine óg/leanbh mar gheall gur tháinig Siad ar ábhar míchuí ar Iíne nó ar chumarsáid mhíchuí/dhrochídeach trí na meáin shóisialta.

  • Beartas agus Cód lompair teicneolaíochta faisnéise a bheith i bhfeidhm don fhoireann.
  • Balla dóiteáin agus Scagaire Ábhair ann i spásanna inar féidir le leanaí teacht ar an idirlíon agus na meáin shóisialta ar ghléasanna de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Riosca a chruthaíonn conraitheoirí/éascaitheoirí seachtracha.

  • Tá ar Chonraitheoirí/Éascaitheoirí seachtracha le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a chur ar an eolas go bhfuil Beartas um Chosaint Leanaí agus Ráiteas um Chosaint Leanaí i bhfeidhm acu nó tá orthu a chomhaontú chun cloí le Beartas agus Nósanna Imeachta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
  • Déantar Grinnfhiosrúchán cuí an Gharda Síochána ar éascaitheoirí seachtracha a dhéanann teagmháil dhíreach le leanaí.

Aithnímid gur próiseas leanúnach é cur i bhfeidhm. Tá ár seirbhísí tiomanta don Ráiteas um Chosaint Leanaí seo agus na nósanna imeachta a thacaíonn lenár gcuspóir a chur i bhfeidhm chun leanaí a choimeád sábháilte (5 dhíobháil fad a gcuirtear ár seirbhís ar fáil dóibh. Tá athbhreithniú déanta ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí seo i mí na Bealtaine 2022, agus táthar chun é a athbhreithniú arís i mí na Bealtaine, 2024, nó a luaithe is indéanta i ndiaidh go dtagann athrú ábhartha ar aon cheist dá dtagraíonn an ráiteas.

Má bhíonn ceisteanna agat, déan teagmháil, le do thoil, le Mary Quinn trí ghlao ar 2226173, an Duine Abhartha faoin Acht um Thús Aite do Leanaí.

​​​​​​​

 

Ráiteas um Chosaint Leanaí
English version (4MB) Leagan Gaeilge (4.7MB)
Share
  • Share via Twitter
  • Share via Facebook
  • Share via WhatsApp

In this Section

  • Tuarascálacha Bliantúla
  • Plean Corparáideach
  • Ráiteas um Chosaint Leanaí
Close

Main navigation

  • Cónaitheach
  • Gnó
  • Do Chomhairle

Footer menu

  • Eolas Fúinn
    • Folúntais
    • An Fhoireann agus na Dualgais
    • An Nuacht agus Na Meáin
    • Beartais agus Cáipéisí
  • Conas dublincity.ie a Úsáid
    • An Inrochtaineacht ar an Láithreán Gréasáin
    • Ráiteas Príobháideachais
    • Téarmaí & Coinníollacha
    • Léarscáil Láithreáin
  • Oibleagáidí Reachtúla
    • Shaoráil Faisnéise
    • An Chosaint Sonraí
    • Access to Information on the Environment
    • An Nochtadh Cosanta
    • An Bhrústocaireacht
    • Acht na dTeangacha Oifigiúla
    • An Eitic
    • Public Sector Duty
    • Bye Laws
    • An Soláthar
  • Teagmháil / Aiseolas
    • Téigh i dTeagmháil Linn
    • Déan Iarratas ar Sheirbhís
    • Déan Íocaíocht
    • Déan Gearán
    • Comhairliúcháin Phoiblí

Customer Services GA

Address

Oifigí na Cathrach
Cé an Adhmaid
Baile Átha Cliath 8
Co. Dublin
D08 RF3F
Éire

Telephone Number
01 222 2222
Email Address
[email protected]

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / Dublin City Council
Dublin City Council
Féach ar ár láithreán gréasáin eile

© 2023 Dublin City Council