Rialú ar Ghuaiseacha Mórthionóiscí

Cinntíonn Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath go bhfuil láithreáin Seveso, ina bhfuil substaintí contúirteacha, sábháilte do mhuintir Bhaile Átha Cliath trína chinntiú go gcomhlíontar caighdeáin rialála agus go bhfuil pleananna éigeandála i bhfeidhm.

Sainmhínítear láithreáin Seveso mar láithreáin thionsclaíocha atá, mar gheall ar chainníochtaí leordhóthanacha de shubstaintí contúirteacha a bheith i láthair iontu, rialaithe faoi Threoir Seveso III an AE. Meastar gur guaiseacha mórthionóiscí iad na suímh seo.

Más mian leat a fháil amach an bhfuil do ghnólacht faoi réir an rialacháin seo, gheobhaidh tú liosta cothrom le dáta de shubstaintí a chuireann ceanglais faoi Threoir Seveso i bhfeidhm ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán.

Tacaíonn Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath le ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath agus iad ag comhlíonadh a n-oibleagáidí faoi Rialacháin an Achta Ceimiceán (Rialú Guaiseacha Mórthionóiscí lena mbaineann Substaintí Contúirteacha) 2015 agus an Seveso III

Conas a Dhéanann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath Láithreáin Seveso Sábháilte

Cinntíonn foireann Pleanála Móréigeandála Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath go bhfuil láithreáin Seveso sábháilte do mhuintir Bhaile Átha Cliath trína chinntiú go gcomhlíontar caighdeáin rialála ar na láithreáin seo. Laghdaíonn sé seo an baol go dtarlóidh teagmhas.

I dteannta gníomhaireachtaí eile, cinntíonn Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath go bhfuil pleananna éigeandála leordhóthanacha agus cothrom le dáta i bhfeidhm do láithreáin Seveso i gceantar Bhaile Átha Cliath. Ciallaíonn sé seo go bhfuil na seirbhísí éigeandála ullmhaithe go maith má tharlaíonn teagmhas.

Chomh maith le forbairt pleananna éigeandála a threorú, reáchtálann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath an próiseas comhairliúcháin phoiblí agus freachnaimh thástála ag gach suíomh Seveso den tsraith uachtarach i mBaile Átha Cliath.

Láithreáin Seveso i mBaile Átha Cliath

Déantar láithreáin Seveso a chatagóiriú mar shraith íochtarach nó sraith uachtarach, ag brath ar chineál agus ar chainníocht na substaintí guaiseacha atá stóráilte. Tá 13 shuíomh sraithe uachtaraí agus 12 shuíomh sraithe íochtaraí i gcathair agus i gcontae Bhaile Átha Cliath.

Éilíonn láithreáin sraithe uachtaraí go bhforbróidh gníomhaireachtaí éagsúla, faoi stiúir Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, pleananna éigeandála seachtracha. Ar chríochnú pleananna éigeandála seachtracha agus comhairliúcháin phoiblí, forbraíonn Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath tuarascálacha bliantúla Seveso agus cuireann sí faoi bhráid an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta (ÚSS) - an t-údarás lárnach le haghaidh phleanáil Seveso in Éirinn.

Déantar cleachtaí idirghníomhaireachta gach trí bliana agus seoltar tuarascálacha orthu chuig an ÚSS. Ciallaíonn sé seo go ndéantar ceithre phlean éigeandála sraithe uachtaraí ar a laghad a thástáil agus a chleachtadh gach bliain i mBaile Átha Cliath.

Chun tuilleadh eolais agus liosta cothrom le dáta de láithreáin Seveso Bhaile Átha Cliath a fháil, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin HSA.

Cosc Dóiteáin agus Pleanáil Éigeandála

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir lenár gcuid oibre nó maidir le comhairliúchán poiblí ar phleananna éigeandála láithreáin Seveso, déan teagmháil le hOifig Bainistíochta Móréigeandála Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath.

Contact Details