Banna Píob Bhriogáid Dóiteáin Baile Átha Cliath
Bunaíodh Banna Píob Bhriogáid Dóiteáin Baile Átha Cliath sa bhliain 1985. I measc bhaill an bhanna tá baill den bhriogáid dóiteáin atá fós i mbun oibre agus baill atá imithe ar scor.
Déanann an banna ionadaíocht ar Bhriogáid Dóiteáin Baile Átha Cliath ag imeachtaí cathartha, paráidí agus imeachtaí comórtha náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Is é buaicphointe ghníomhaíochtaí an bhanna gach bliain Lá Fhéile Pádraig Bhaile Átha Cliath, áit a dtreoraíonn an banna agus baill eile den bhriogáid an rannóg shearmanach d’Ardmhéara Bhaile Átha Cliath.
Glacann an banna páirt i bparáidí Lá Fhéile Pádraig i Nua-Eabhrac, Bostún, Chicago, Kansas, Savannah agus Washington DC freisin.
Contact Details