Dúnadh Sealadach: Leabharlann Inse Chór ag Dún Richmond
Published on 7th May 2025
Dúnfar Leabharlann Inse Chór ag Dún Richmond go sealadach ag tosú Déardaoin 22 Bealtaine chun oibreacha riachtanacha do sheirbhís fheabhsaithe a éascú; táimid buíoch as do chuid foighne le linn an ama seo agus táimid ag tnúth le tuilleadh sonraí a roinnt go luath.
Táthar ag súil go n-osclóidh an leabharlann arís Dé Máirt 3 Meitheamh.
Le haghaidh sonraí faoin mbrainse is gaire duit, seiceáil ANSEO.
Athnuachaintí Ar Líne
Is féidir na hearraí atá ar iasacht agat a athnuachan ar líne mura bhfuil siad de dhíth ar bhall eile den leabharlann. Má tá dearmad déanta agat ar d’Uimhir Aitheantais Phearsanta, is féidir leat í a athshocrú ar líne. Conas a fhéadfaidh mé mo UAP a athshocrú?
Ná bí buartha, áfach, mar níl aon fhíneálacha ar earraí atá thar téarma.
