Pod Oibre – Leabharlann Lárnach
Published on 3rd April 2023
Cuireadh isteach an Pod Oibre chun spás comhoibríoch níos príobháidí a sholáthar do phátrúin le húsáid le haghaidh obair a bhaineann leis an lucht saothair m.sh. agallaimh ar líne, oiliúint, obair
thionscadail ghrúpa nó teagasc (gan táille). Tá an t-ionad feistithe le cumhacht agus tá suíocháin ann do suas le ceithre duine. Leagtar amach sa bheartas seo na rialacha agus na treoirlínte maidir le húsáid na háise.
Áirithintí:
Is féidir le hiasachtaithe atá 15 bliana d’aois nó níos sine a bhfuil cárta bailí leabharlainne poiblí acu ó aon údarás leabharlainne sa tír an Pod Oibre a chur in áirithe. Is féidir an Pod Oibre a chur in áirithe ar an nguthán (01 2228300) nó go pearsanta ag an bpríomhdheasc sa Leabharlann Lárnach. Caithfidh an duine/na daoine a bheidh ag úsáid an spáis an áirithint a dhéanamh.
Tá gach áirithint teoranta do 2 uair an chloig as a chéile in aghaidh an lae. Is féidir an Pod Oibre a chur in áirithe dhá lá sa tseachtain. Is féidir áirithintí a dhéanamh suas le
seachtain amháin roimh ré. Coinneofar áirithintí ar feadh 10 nóiméad tar éis an ama atá sannta sula ligfear an seisiún amach d’úsáideoir eile. Ní mór duit ball foirne a chur ar an eolas ag an
bpríomhdheasc nuair a bheidh do sheisiún críochnaithe agat.
Treoirlínte úsáide:
- Seiceáil isteach leis an bpríomhdheasc chun an deasc a úsáid
- Is féidir le 4 duine ar a mhéad an seomra a úsáid am ar bith
- Ní cheadaítear bia ar bith: ceadaítear deochanna i gcoimeádán dúnta áfach
- Tabhair aird ar an méid fuaime – níl an seorma go hiomlán fuaimdhíonach
- Coinnigh an pod glan agus néata le do thoil. Caithfear bruscar a dhiúscairt ag baint úsáide as na boscaí bruscair atá lonnaithe sa Leabharlann
- Ná fág aon earraí gan aon duine á bhfaire. Ní ghlacann an Leabharlann Lárnach aon fhreagracht as earraí a fhágtar gan aon duine á bhfaire.
- Caithfear earraí pearsanta a thabhairt isteach sa seomra leat, ná fág earraí ar an urlár lasmuigh den aonad.
- Féadfar do sheisiún a athshannadh má fhágtar é gan aon duine ann ar feadh níos mó ná 15 nóiméad
- Caillfear pribhléidí na leabharlainne mar thoradh ar mhí-úsáid an Pod nó damáiste don taobh istigh
- Trí úsáid a bhaint as na háiseanna Pod, meastar gur aontaigh tú lenár mBeartas um Úsáid
- Inghlactha agus a théarmaí agus coinníollacha
- Má theipeann ort cloí le beartais agus nósanna imeachta na Leabharlainne d’fhéadfadh go gcuirfí cosc ort gach seirbhís Leabharlainne a úsáid