Tosaíonn an scéal anseo
Published on 14th June 2024
Fadó fadó, i dtír i bhfad uainn (1884 ar Shráid Thomáis agus Sráid Chéipil le bheith cruinn), osclaíodh an chéad dá leabharlann phoiblí cathrach de chuid Bháile Átha Cliath. Agus anois, 150 bliain níos déanaí, tá tú ag baint úsáid as códanna QR agus gutháin chun teacht ar ár suíomh greasáin.
Chun an dul chun cinn atá déanta againn a chur in iúl, táimid ag tabhairt cuiridh duit súil a chaitheamh ar ár ríomhleabhair, closleabhar, ríomhirisí agus ríomhnuachtáin agus iad go léir saor in aisce trí BorrowBox.
Má tá tú i do bhall dár leabharlanna cheana féin nó más beag taithí atá agat orainn, tá fáilte roimh chách féachaint thart ar ár ríomhseirbhísí iontacha.
Díreach cliceáil ar an nasc thíos chun clárú ar líne agus féachaint thart ar ár ríomhacmhainní láithreach bonn. Má thaitníonn céard a fheiceann tú leat, buail isteach chuig do leabharlann áitiúil chun uasghrádú go dtí ballraíocht iomlán agus taitneamh a bhaint as na seirbhísí ar fad atá againn.
Glac ballraíocht sa leabharlann
An ball tú cheana féin? Féach thart ar ár ríomhacmhainní (as Béarla)
An breá leat leabhair? Bain triail as ár gcluiche idirghníomhach: Céard é an scéal? Cé mhéad de na 100 leabhar atá i bhfolach ar féidir leat iad a n-ainmniú?
Cuirimid cúrsaí ar fáil i 70 teanga, in acmhainní stair teaghlaigh, in áiseanna podcraolta, printéirí 3D agus fiú is féidir leat uirlisí ceoil a fháil ar iasacht.
Bhí sé riamh saor in aisce chun rud a fháil ar iasacht ó Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath, agus beidh sé go deo. Ní ghearraimid fíneálacha a thuilleadh fiú.
Agus ar eagla go raibh tú fiosrach, is féidir leat leabhair a fháil ar iasacht fós, na leabhair a bhfuil an-díol orthu a chonaic tú ar ár gcód QR san áireamh. An seanscéal céanna i gcónaí.
An deireadh? Ní hea, níl sé seo ach ina thús.