Socruithe le haghaidh Lá Fhéile Pádraig
Published on 26th February 2024
Beidh Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath dúnta ón Satharn 16 go dtí an Luan 18 Márta san áireamh. Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh! Osclóidh leabharlanna Dé Máirt 19 Márta 2024.
Ná déan dearmad faoi Mo Leabharlann Oscailte.
Leabharlann féinseirbhíse gan fhoireann is ea Mo Leabharlann Oscailte, atá ar fáil i Leabharlann Pheambróg agus Leabharlann Ráth Eanaigh gach lá den bhliain! Le linn Uaireanta Mo Leabharlann Oscailte is féidir leat earraí a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar ais, rudaí a phriontáil agus a fhótachóipeáil, an tIdirlíon a úsáid, rochtain a fháil ar Wifi saor in aisce agus ár spás staidéir a úsáid. Ar fáil ó 8rn – 10in 7 lá na seachtaine i Leabharlann Pheambróg agus Leabharlann Ráth Eanaigh.
Rochtain Ar Líne 24/7
Cé go mbeidh ár mbrainsí dúnta, is féidir leat leanúint ar aghaidh ag fáil Ríomhleabhair, Ríomh-Chlosleabhair, irisí digiteacha, nuachtáin agus greannáin agus leas a bhaint as ár n-acmhainní foghlama ar líne am ar bith, áit ar bith. Tá sonraí faoi conas rochtain a fháil ar na seirbhísí seo ar fad le fáil ar ár leathanach Ríomhacmhainní.
Tabhair faoi deara le do thoil: caithfidh tú ballraíocht leabharlainne cothrom le dáta a bheith agat agus UAP a bheith agat chun rochtain a fháil ar Ríomhacmhainní. Conas do bhallraíocht a athnuachan ar líne.
Cabhair
Má bhíonn fadhbanna agat maidir le rochtain a fháil ar ár seirbhísí ar líne, tá súil againn go bhfaighidh tú an freagra ar do cheist ar ár dtairseach tacaíochta: Tacaíocht Leabharlanna Éireann.
Athnuachaintí Ar Líne
Is féidir na hearraí atá ar iasacht agat a athnuachan ar líne mura bhfuil siad de dhíth ar bhall eile den leabharlann. Má tá dearmad déanta agat ar d’Uimhir Aitheantais Phearsanta, is féidir leat í a athshocrú ar líne. Conas a fhéadfaidh mé mo UAP a athshocrú?
Ná bí buartha, áfach, mar níl aon fhíneálacha ar earraí atá thar téarma.