Cuireann Briogáid Dóiteáin Átha Cliath fáilte roimh 35 earcach nua dá cuid

Published on 7th May 2026

Reáchtáil Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath paráid cháilithe inniu chun fáilte a chur roimh 35 earcach nua isteach ina cuid ball.
 
Tar éis 18 seachtaine d’oiliúint dhian, ghlac baill is úire na briogáide páirt sa pharáid ag ionad oiliúna Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath in Marino, os comhair Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Ray McAdam, an Príomh-Oifigeach Dóiteáin Greg O’Dwyer, oifigigh shinsearacha dóiteáin, aíonna a tugadh cuireadh dóibh agus teaghlaigh na n‑earcach féin.
 
Tá Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ar cheann d’institiúidí móra ár bpríomhchathrach, institiúid a bhfuil muinín, meas agus grá ag muintir Bhaile Átha Cliath di i ngach pobal. Inniu, agus sinn ag ceiliúradh bhaill Rang 01 de 2026, táimid ag ceiliúradh a gcinneadh an chathair seo a sheirbheáil le misneach, gairmiúlacht agus bród chomh maith. Tá siad ina gcuid de thraidisiún bródúil seirbhíse poiblí a bhfuil áit faoi leith aige i gcroí mhuintir Bhaile Átha Cliath,” arsa an tArd-Mhéara.
 
Is nóiméad cinniúnach i ngairm bheatha comhraiceora dóiteáin í an pharáid cháilithe agus léiríonn sí na scileanna a foghlaimíodh san ionad oiliúna.
 
Éiríonn na Comhraiceoirí dóiteáin ina gcomhraiceoirí dóiteáin ar promhadh tar éis na paráide agus leanfaidh siad orthu ag forbairt a gcuid scileanna agus taithí go hoibríochtúil.
 
Rachaidh siad ar aghaidh chun clár Paraimhíochaineora dhá bhliain a chur i gcrích, lena n‑áirítear cúrsa bunaithe sa seomra ranga ar feadh 15 seachtaine agus intéirneachtaí allamuigh faoi mhaoirseacht, i gcomhpháirtíocht le Coláiste Ríoga na Máinlia in Éirinn.
 
Dúirt Greg O’DwyerPríomh-Oifigeach Dóiteáin le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, leis na hearcaigh nua, “Tá gach duine agaibh atá anseo inniu ag leanúint i gcoiscéimeanna slabhra fada céadfhreagróirí a chaith suaitheantas a seirbhíse dóiteáin le bród agus le honóir. Tá an dualgas sin curtha ar iontaoibh agaibh, agus táim cinnte go gcomhlíonfaidh sibh go dílis é. Guím gairm bheatha fhada shona oraibh go léir le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath.”
 
Cuirfidh rang nua earcach tús lena n‑oiliúint i mí an Mheithimh chun an cúrsa céanna a dhéanamh leis na 35 comhraiceoir dóiteáin seo atá anois ar promhadh.
 
DEIREADH