Comhar: Na 25 Leabhar Gaeilge is Fearr le 25 Bliain Anuas.
Published on 14th November 2025
Roghnaigh Comhar, an iris mhíosiúil, an 25 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh le 25 bliana anuas le déanaí. Tá taispeántas an 25 leabhar ar fad cóirithe againn sa Lárleabharlann faoi láthair.
Déanann na heagarthóirí cur síos faoin bpróiséis cuimsitheach a cuireadh i bhfeidhm roimh shocrú ar an liosta seo. Aimsigh an leabhar is ansa leatsa nó bain sásamh as eagrán de Comhar sa Lárleabharlann.
Faigh ar iasacht nó cuir in áirithe inniu!
Comhghairdeas leis na scríbhneoirí ar fad!
An bhfuil an leabhar is ansa leatsa ann?
- Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin (Barzaz 2021)
- Béal na Péiste le Fionntán de Brún (Cló Iar-Chonnacht 2023)
- An Litir le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac 2011)
- Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge le Máirín Nic Eoin (Cois Life 2005)
- Fontenoy le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac 2007)
- Bláth na dTulach: Díolaim Ultach. In eagar ag Réaltán Ní Leannáin, Eoghan Mac Giolla Bríde, Michéal Ó Domhnaill (Éabhlóid 2021)
- Bódléar le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac 2024)
- Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a Cumadh Stair na hÉireann le Vincent Morley (Coiscéim 2011)
- Gluaiseacht le Alan Titley (Cois Life 2008)
- Hula Hul le Seán Mac Mathúna (Cois Life 2007)
- Oilithreacht Pinn le Liam Ó Muirthile (Cois Life 2017)
- An Cléireach le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac 2007)
- Sa Teach seo Anocht le Michéal Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht 2019)
- Solas Geimhridh le Laoighseach Ní Choistealbha (Barzaz 2024)
- Cnámh le Eoghan Mac Giolla Bhríde (Éabhlóid 2020)
- Éagóir: Maolra Seoighe agus Dúnmharuithe Mhám Trasna le Seán Ó Cuirreáin (Cois Life 2016)
- Súil Eile le Seán Tadhg Ó Gairbhí (Cois Life 2017)
- Gabháil Syrinx le Aifric Mac Aodha (An Sagart 2010)
- An Bhlaosc sa mBois le Michéal Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht 2024)
- Tairngreacht le Pronsias Mac a’ Bhaird (LeabhairComhar 2018)
- Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile le Ailbhe Ní Ghearbhuigh (Éabhlóid 2022)
- An Bhean Feasa le Alan Titley (Cló Iar-Chonnacht 2014)
- Mis le Biddy Jenkinson (Coiscéim 2001)
- An Craiceann agus a Luach le Eithne Ní Ghallchobhair (Arlen House 2021)
- Rocky Ros Muc le Rónán Mac Con Iomaire (Cló Iar-Chonnacht 2013)
Submitted by John Burke, Leabharlannaí, An Lárleabharlann