Tugann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cuireadh do chách páirt a ghlacadh sa cheiliúradh agus beocht ag teacht chuig Bród fud fad na cathrach

Published on 5th June 2026

Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ina príomhurraitheoir Bhród 2026 agus  ag tabhairt cuireadh do gach duine a chónaíonn agus a oibríonn san ardchathair, agus a dtugann cuairt uirthi, páirt a ghlacadh i gceiliúradh ar dhathanna, phobal agus chuimsiú ar fud na cathrach. Bunaithe ar an téama atá ann i mbliana, ‘Scéal Amháin–Guthanna Iomadúla’, tá tacaíocht á tabhairt ag an gComhairle do chlár imeachtaí agus taispeántais ar fud Bhaile Átha Cliath.

Sna laethanta roimh Bhród, athróidh Baile Átha Cliath ina cheiliúradh an-fheiceálach ar chuimsiú agus chomhaontas. Beidh méirgí Bróid ar taispeáint ar na hOifigí Cathartha agus ar ár n-oifigí ar Shráid an Pháláis. Beidh na bratacha Bróid ar foluain ar an Life, agus beidh teachtaireachtaí Bróid ar na scáthláin bhus agus na painéil dhigiteacha ar fud na cathrach, a chruthóidh comhartha láidir agus fáilteach go bhfuil Bród do chách.

I gcroílár an athraithe seo beidh taispeántas físiúil suntasach sa chathair. Athróidh Sráid Chéipil agus Sráid na Parlaiminte ina dtaispeántais bhratacha Bhróid, agus beidh na sráideanna iad féin ar nós canbhás láidir lán le dathanna. Tá an saothar ealaíne tumthach seo chun siombailí chumhachtacha d’fheiceálacht agus chuimsiú a dhéanamh de dhá de na mórbhealaí is gnóthaí i mBaile Átha Cliath, ag cruthú croíláir nach mór a fheiceáil d’áititheoirí agus chuairteoirí araon. In éineacht leis sin, tiocfaidh taispeántais Bhróid Pop-up Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar an bhfód trasna na cathrach, ag tabhairt cuiridh do dhaoine chun breathnaigh thart orthu, ceangal agus glacadh páirt sa cheiliúradh.

Arís, faoi chlár fhéile Bhróid, ahtróidh Cearnóg Mhuirfean chuig Cearnóg Bhróid, féile don lá ar fad atá saor in aisce agus nach bhfuil ticéid ag teastáil di, a thugann le chéile eagraíochtaí pobail, cultúr agus taispeántais bheo i gceann de na spásanna is aitheanta i mBaile Átha Cliath.

Agus é ag iarraidh daoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh, dúirt Ard-Mheara Bhaile Átha Cliath, Comhairleoir Ray McAdam, "Bíonn Baile Átha Cliath i mbarr a maitheasa nuair atá Bród ar siúl. Ildaite, muiníneach, oscailte agus beo. Agus mé i m’Ard-Mheara do Bhaile Átha Cliath, is é mo théama ná Baile Átha Cliath a chéiliúradh, agus léiríonn Bród go hiomlán atá i gceist leis sin. Déantar ceiliúradh ar an gcathair le Bród ina bhfuil tábhacht ag gach guth, luach i ngach scéal agus ina mhothaíonn gach duine go bhfuil áit acu ann.

Is é an téama i mbliana ná, ‘Scéal Amháin – Guthanna Iomadúla’, a chuireann i gcuimhne dúinn gur tháinig misneach Bhaile Átha Cliath as a dhaoine i gcónaí. Guthanna difriúla. Turais dhifriúla. Aon chathair amháin. Molaim do gach duine teacht isteach chuig Baile Átha Cliath, bain taitneamh as na himeachtaí, tabhair tacaíocht leis an bparáid agus bí páirteach sa cheiliúradh. Is onóir é do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath seas gualainn ar ghualainn leis an bpobal LADTA+ agus is onóir é dóibh cabhrú chun Bród a chruthú atá ina thráth áthasach, feiceálach agus ionchuimsitheach don chathair ar fad."

Tosóidh an sceitimíní níos luaithe sa seachtain le tabhairt isteach mol nua i lár na cathrach ag Cearnóg Theach an Tionóil. Ag rith ó Chéadaoin 24 Meitheamh go dtí Aoine 26 Meitheamh, beidh seastán eolais pobail, ealaíontóirí áiteacha, agus clár spleodrach de taispeántais i rith an lae ag  ‘Cearnóg Bhróid – Cearnóg Theach an Tionóil’, a chruthóidh spáis fáilteacha ina bhfuil an deis ag daoine buail isteach, ceangail agus ceiliúradh. 

Beidh buaicphointe na seachtaine Paráid Bhróid Bhaile Átha Cliath ar Satharn 27 Meitheamh, ina mbíonn níos mó ná 100,000 duine ag dul chuig na sráideanna gach bliain i gceann de na himeachtaí is spleodraí agus is cuimsithí ar oileán na hÉireann. Tosóidh an pharáid ag 12.30pm agus mairfidh sí thart ar dhá uair, agus moltar do chách páirt a ghlacadh – más é sin ag siúl sa pharáid, páirt a ghlacadh ar an mbealach, nó  tacaíocht a léiriú ón taobhlíne.

In éineacht leis na himeachtaí móra seo, beidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tríd na Comhpháirtíochta Spóirt agus Folláine Chathair Bhaile Átha Cliath, ag cur cláir mhóir d’imeachtaí spóirt, folláine agus sláinte ionchuimsitheacha ar fáil i rith mhí an Mheithimh, a chinntíonn go bhfuil an deis ann do gach duine páirt a ghlacadh i mBród i mbealach a oireann dóibh. 

Ag rith ón 24 Meitheamh go dtí an 28 Meitheamh, tá rud éigin ar fáil do gach duine ag Féile Bhróid Chomhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath – idir imeachtaí mórscála agus taispeántais, go dtí tionól pobail agus gníomhaíochtaí áitiúla – tiocfaidh sé chun críche i gceiliúradh ar éagsúlacht, fheiceálacht agus chuimsiú ar fud na cathrach.

Molann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do gach duine a chuairt a phleanáil, breathnaigh ar an gclár agus a bheith páirteach i mBród 2026.

Le haghaidh níos mó eolais ar imeachtaí agus ar conas páirt a ghlacadh, tabhair cuairt ar dublinpride.ie

***Féach na híomhánna atá ceangailte. Fotheidil thíos. Creidmheas Damien Eagers Photography***

DEIREADH



 

pride1
pride2