Baineann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath málaí plaisteacha de 110 sráideanna ar thuaisceart na cathrach
Published on 7th May 2026
Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Céim 2 den chlár chun na málaí plaisteacha a bhaint de na sráideanna i lár na cathrach a fhógairt agus dlúthóirí dramhaíola nua ar Phlás Mhaoilbhríde agus ar Lána Loftus á suiteáil i gcomhair leis na bailitheóirí dramhaíola i gcathair Bhaile Átha Cliath.
Ó 11 Bealtaine ar aghaidh, cuireadh deireadh leis an gcead chun na málaí dramhaíola sin a chur amach ar na sráideanna lena mbailiú ar na 110 sráid uile atá cumhdaithe i limistéar Chéim 2 (féach an léarscáil faoi cheangal le do thoil). Úsáidfear na dlúthóirí nua chun glacadh le málaí dramhaíola ón limistéar Chéim 2 seo.
Beidh na dlúthóirí ar fáil do gach duine, lena n-áirítear gnólachtaí agus cónaitheoirí atá lonnaithe na sráideanna atá cumhdaithe. Ba chóir do ghnólachtaí agus do chónaitheoirí sa limistéar píolótach teagmháil a dhéanamh lena mbailitheoir dramhaíola chun na roghanna nua i gcomhair bailiú dramhaíola a phlé.
Tagann tabhairt isteach Chéim 2 i ndiaidh rolladh amach rathúil na céime píolóta tosaigh den tionscnamh seo, a seoladh i mí na Nollag seo caite. De thoradh ar an gcéim phíolótach sin, tá sé thart ar 1,000 mála plaisteach fós á mbaint de 90 sráid ar thaobh deiscirt na cathrach gach lá.
Mar thoradh ar Chéim 1, tá laghdú thart ar 20 tonna in aghaidh na míosa tagtha ar dhumpáil mhídhleathach i limistéar Chéim 1. Creideann an Chomhairle Cathrach freisin gur chuir Céim 1 go mór leis na torthaí an-dearfacha a fuarthas sa suirbhé IBAL is déanaí. Tugadh laghdú ar bhruscar agus feabhas ar leibhéal an ghlantachais faoi deara, chomh maith le tionchar dearfach an tionscnaimh. Tháinig coigiltis freisin as na feabhsuithe seo i dtéarmaí riachtanas acmhainní, chomh maith le costais bhailithe agus diúscartha do sheirbhísí bainistíochta dramhaíola.
Meabhraítear do ghnólachtaí freisin a ndualgas dlíthiúil chun na limistéir os comhair a réadmhaoine a choinneáil glan agus saor ó dhramhaíl agus moltar dóibh clárú le Cairt Dramhaíola Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Gheobhaidh gnólachtaí a shíníonn an chairt pacáiste eolais, ina leagtar amach a ndualgais faoi na fodhlíthe, foirmeacha amchlár glantacháin in-íoslódáilte, agus grafaic nua ar féidir leo a thaispeáint ina n-áitreabh chun ailíniú bródúil le misean na Comhairle a léiriú.
Dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Ray McAdam, ag seoladh an dá dhlúthóir dramhaíola nua inniu:
“Is é is brí le Baile Átha Cliath a chéiliúradh ná meas a léiriú ar Bhaile Átha Cliath. Ciallaíonn sé sin go bhfuil bród againn inár sráideanna, comharsanachtaí agus i lár na cathrach, le cinntiú go bhfuil siad glan, fáilteach agus oiriúnach do na daoine a chónaíonn, a oibríonn, a thugann cuairt ar ár gcathair agus a dhéanann a gcuid gnó anseo. Is céim thábhachtach eile é deireadh a chur le málaí plaisteacha dramhaíola ar na 110 sráid seo ar an taobh thuaidh le hoibriú chun Baile Átha Cliath a ghlanadh suas. Tá a fhios againn ó Chéim 1 go n-oibríonn an cur chuige seo. Laghdaíonn sé dumpáil mhídhleathach, feabhsaíonn sé glanadh sráide agus cuidíonn sé le heispéireas níos fearr a chruthú do gach duine a úsáideann an chathair. Le 3,500 bosca bruscair cathrach agus na ndlúthóirí nua seo, tá an teachtaireach soiléir: níl aon leithscéal le haghaidh bruscar a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Tá lámh ag gach aon duine againn chun ár bpríomhchathair a choinneáil glan idir chónaitheoirí, ghnólachtaí, oibreoirí dramhaíola agus an Chomhairle Cathach.”
“Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag tógáil ar rath shuiteáil na ndlúthóirí i ndeisceart na cathrach agus anois táimid ag éascú a shuiteála i dtuaisceart na cathrach. Cuireann an tionscnamh seo deireadh le málaí dramhaíola a chur amach ar an tsráid ar 110 sráid laistigh den limistéar píolótach seo, agus cuidíonn sé linn cathair níos glaine, níos inbhuanaithe agus saor ó bhruscar a sholáthar,” arsa Richard Shakespeare, Príomhfheidhmeannacha Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Rinneamar teagmháil leis na hoibreoirí bailithe dramhaíola príobháideacha a fhreastalaíonn ar limistéar Chéim 2 mar a rinneamar le Céim 1. D’aontaigh siad a seirbhísí a athbhreithniú agus roghanna bailithe dramhaíola comhchosúla a thairiscint dá gcustaiméirí. Ina measc siúd tá:
- Custaiméirí a spreagadh chun aistriú ó mhálaí plaisteacha go araidí rotha nó araidí euro nuair is féidir
- Seirbhísí bailithe gnó-go-gnó a sholáthar, inar féidir dramhaíl a thabhairt go díreach d’fheithiclí bailithe ag amanna socraithe
- Dlúthóirí sráide a shuiteáil ar Lána Loftus agus ar Phlás Mhaoilbhríde do chustaiméirí ar mian leo leanúint ar aghaidh ag úsáid málaí plaisteacha
Tá ár bhfoirne Forfheidhmithe Bruscair i dteagmháil le gnólachtaí agus le cónaitheoirí sa cheantar lena mbaineann i láthar na huaire chun iad a chur ar an eolas faoi na hathruithe atá le teacht agus chun comhlíonadh a spreagadh. Tá siad ag moladh do pháirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh lena soláthraithe seirbhíse dramhaíola chun cinneadh a dhéanamh faoin rogha bailithe dramhaíola is fearr leo. Ceadófar tréimhse ghearr le haghaidh aistrithe; ach, ina dhiaidh sin forfheidhmeofar na fodhlíthe go docht agus d’fhéadfadh ionchúiseamh a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíonadh, áfach.
Chuir Derek Kelly, Bainisteoir Feidhmiúcháin, Aeráid agus Athléimneacht Uirbeach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath leis sin:
“Tá an tionscadal seo i bhfeidhm le Baile Átha Cliath a dhéanamh níos glaine, níos sábháilte, agus níos fáiltí do gach duine a chónaíonn, a oibríonn agus a thugann cuairt ar an gcathair. Tá torthaí nithiúla intomhaiste tar éis teacht as Céim 1 cheana féin le laghdú thart ar 20 tonna ar an tonnáiste bruscair a bhailíonn an Chomhairle in aghaidh na seachtaine. De réir mar a chuirimid Céim 2 i bhfeidhm ar 110 sráid eile ar an taobh thuaidh den chathair, samhlaímid coigilt dramhaíola chomhchosúil, bunaithe ar an gcur chuige comhpháirtíochta céanna le hoibreoirí dramhaíola, gnólachtaí agus cónaitheoirí a bhí mar bhonn do rath Chéim 1.”
Déanfar tuilleadh fógraí maidir le céimeanna amach anseo den tionscnamh seo. Tá cur chuige céimnithe á ghlacadh ar fud thart ar 900 sráid ainmnithe ina gcuirtear málaí amach ar fud na cathrach. Cinntíonn sé sin go mbíonn a dhóthain ama ag oibreoirí dramhaíola chun a seirbhísí a oiriúnú agus go bhféadfaidh cónaitheoirí agus gnólachtaí na socruithe cuí a dhéanamh.
Agus daonra Bhaile Átha Cliath ag fás, agus gníomhaíocht eacnamaíoch ag méadú, agus ardú ar líon na n-imeachtaí ar fud na cathrach, tá bainistíocht dramhaíola ina dúshlán mór. Mar fhreagra air sin, thug an Chomhairle straitéis trí cholún isteach i Meán Fómhair 2024 chun bainistíocht dramhaíola a fheabhsú, lena n-áirítear feabhsuithe oibríochtúla, forfheidhmiú méadaithe agus tionscnaimh feasachta/coisc.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thionscnaimh bainistíochta dramhaíola Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tabhair cuairt ar dublincity.ie nó lean Facebook | Instagram.
Faoi iamh tá léarscáil de limistéar Chéim 2
Dáileofar grianghraif chuig deasca pictiúr ag Fennell Photography
CRÍOCH