Seolann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath scéim chíosa nua a chuireann ioncam ráthaithe agus slándáil fhadtéarmach ar fáil do thiarnaí talún
Published on 22nd June 2026
Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i gcomhpháirt le Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire‑Ráth an Dúin, ag iarraidh ar thiarnaí talún agus úinéirí maoine ar fud Bhaile Átha Cliath páirt a ghlacadh i Scéim Phíolótach RAS (Rental Accomodation Scheme) Bhaile Átha Cliath fheabhsaithe, is bealach é atá solúbtha, sábháilte agus tarraingteach ó thaobh airgeadais de, chun réadmhaoin chónaithe a chur ar cíos.
Cruthaíodh an scéim le tiarnaí talún curtha san áireamh go sonrach, tairgtear leis an Scéim Cóiríochta Cíosa (RAS) cíos míosúil ráthaithe, conarthaí fadteármacha, gan mórán trioblóide, a fhágann gur rogha mhalartach í ar an mbealach traidisiúnta a chuirtear réadmhaoin ar cíos go príobháideach.
Bainfidh tiarnaí talún tairbhe as comhpháirtíocht díreach, trí Scéim Phíolótach RAS Bhaile Átha Cliath, a bheidh acu le húdaráis áitiúla. Beidh na húdaráis áitiúla i gceannas ar ghnéithe lárnacha den phróiseas cíosa, lena n-áirítear tionontaí oiriúnacha a fháil agus íocaíochtaí cíosa a ráthú.
Más tiarna talún proifisiúnta thú nó má tá réadmhaoin fholamh amháin agat, tairgtear bealach simplí chun ioncam seasta a fháil tríd an scéim a laghdaíonn riosca agus ualach riaracháin.
Na príomhthairbhe do thiarnaí talún
- Cíos ráthaithe: Íocann an t-údarás áitiúil an cíos ina iomlán agus in am go díreach
- Suas le 100% ar Chíos an Mhargaidh ar fáil
- Conarthaí fadtéarmacha: Comhaontuithe suas le 8 mbliana, lena dtairgtear deimhneacht ioncaim
- Gan Costais Fógraíochta: Faigheann agus ainmníonn an t-údarás áitiúil na tionontaí
- Íocaíochtaí leanúnacha: Leanann íocaíochtaí cíosa ar aghaidh fiú i rith tréimhsí nuair atá réadmhaoin folamh
- Deiseanna d’fhaoiseamh cánach: D’fhéadfadh incháilitheacht maidir le 100% faoiseamh cánach ar ús morgáiste a bheith ann (faoi réir na dtreoirlínte atá ag Revenue)
Feidhmíonn an scéim trí chomhaontú trí-threo idir an tiarna talún, an tionónta agus an t-údarás áitiúil:
- Íocann an t-údarás áitiúil an cíos iomlán leis an tiarna talún go díreach
- Ainmníonn an Chomhairle an tionónta. Déanann sí measúnú orthu roimh réidh le cinntiú go bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu
- Tá an tionóntacht faoi rialú ag an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004
- Leanann tiarnaí talún ar aghaidh ag déanamh bainistíochta ar an tionóntacht agus cothabhála ar an réadmhaoin, ar nós an mhargaidh chíosa phríobháidigh
Ní mór do réadmhaoin a bheith folamh nó nuathógtha, agus a bheith i gcomhréir le caighdeáin cíosa. Caithfidh troscán a bheith iontu chomh maith. Déanfaidh na húdaráis áitiúla cigireachtaí chun oiriúnacht a chinntiú.
Tairgtear rogha sheasmhach le Scéim Phíolótach RAS Bhaile Átha Cliath, gan mórán riosca do thiarnaí talún chun a réadmhaoin a chur ar cíos, le tacaíocht ó iontaofacht an rialtais áitiúil. Tugann an t‑ioncam ráthaithe agus an áitíocht fhadtéarmach atá ar fáil leis an scéim seo réiteach praiticiúil do thiarnaí talún atá ag lorg cobhsaíochta i margadh cíosa atá ag forbairt.
Dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Comhairleoir Ray McAdam, “Is deis phraiticiúil, sheasmhach agus dhearfach é Scéim Phíolótach RAS Bhaile Átha Cliath do thiarnaí talún ar fud Bhaile Átha Cliath. Tairgeann sé ioncam cíosa ráthaithe, deimhneacht fhadtéarmach agus an t-athdhearbhú a fhaightear ag obair leis na húdaráis áitiúla go díreach. Ach is faoi rud níos mó atá sé. Is féidir le gach teach a chuirtear ar fáil tríd an scéim cabhrú le teaghlach, duine aonair nó seanduine chun seasmhacht agus áit a aimsiú sa phobal a bhfuil siad ar a suaimhneas ann.
Tá níos mó tithe de dhíth ag Baile Átha Cliath, ach tá níos mó comhpháirtíochta de dhíth aige chomh maith. Is féidir le tiarnaí talún páirt dhíreach agus fhiúntach a ghlacadh chun freastal ar riachtanais thithíochta, chun tacaíocht a thabhairt le pobail láidre a chruthú agus chun cabhrú le daoine a saol a fhorbairt inár gcathair tríd an scéim seo. Is rud maith é seo do thiarnaí talún, do thionóntaí agus do Bhaile Átha Cliath.”
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Brown TD, “Is páirt thábhachtach dár gcóras do thithíocht shóisialta fós é an Scéim Cóiríochta Cíosa. Gheobhaidh na húdaráis áitiúla i mBaile Átha Cliath uirlisí praiticiúla sa bhreis chun dul i dteagmháil le húinéirí maoine, chun níos mó tithe a fháil le haghaidh tithíochta sóisialta agus chun cúrsaí a dhéanamh níos seasmhaí do theaghlaigh.
Nuair a fheabhsaítear an bealach a oibríonn an clár do dhaoine a bhfuil réadmhaoin acu atá oiriúnach dó, is féidir linn níos mó réadmhaoine a thabhairt isteach sa scéim agus cabhrú le níos mó daoine rochtain a bheith acu ar thithíocht agus thionóntacht atá sábháilte agus seasmhach.
Léiríonn na bearta atá á dtabhairt isteach faoin scéim phíolótach seo na moltaí a tugadh san athbhreithniú ar an todhchaí a bheidh ag an Scéim Cóiríochta Cíosa. Ligeann siad dúinn triail, i mbealach dírithe, ar féidir le níos mó solúbthachta cabhrú chun níos mó fheabhsaítear rannpháirtithe a fháil, chun go mbeidh méadú ar an méid tithe atá ar fáil do thionóntaí tithíochta sóisialta faoi RAS. Cabhróidh an fhianaise atá bailithe tríd an scéim phíolótach daoine a chur ar an eolas sa todhchaí faoi ról agus feidhmiú na scéime go náisiúnta agus cinntí beartais á ndéanamh acu.”
Dúirt Deirdre Heney, Cathaoirleach an Choiste um Beartas Straitéiseach um Thithíocht agus Ionchuimsiú Sóisialta (SPC), Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, “Is forbraíocht thábhacht agus thráthúil é scéim phíolótach RAS a léiríonn an bealach a fhreagraímid an riachtanas tithíochta i mBaile Átha Cliath. Taispeánann sé tiomantas do nuálaíocht agus comhpháirtíocht, agus do thorthaí tithíochta seasmhacha fadteármacha a chur ar fáil dár dtionóntaí.”
Moltar do thiarnaí talún le réadmhaoin atá folamh nó ar fáil úsáid a bhaint as an deis seo agus a bheith páirteach sa scéim seo a chuireann urrús airgeadais agus suaimhneas intinne ar fáil dóibh.
DEIREADH