What We Do

Cuireann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath Seirbhís Dóiteáin, Seirbhís Otharchairr Éigeandála agus Seirbhís Tarrthála atá go hiomlán comhtháite ar fáil do na ceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.  Chun soláthar na seirbhíse seo a éascú, fostaíonn BDBÁC thart ar 1,000 pearsanra a oibríonn i 6 cheantar ina bhfuil 12 stáisiún lánaimseartha, 2 stáisiún atá á gcoimeád (páirtaimseartha), Ionad Oiliúna, Ionad Cumarsáide Réigiún an Oirthir, Cosc, Riarachán agus Ceardlanna Dóiteán agus tá flít 115+ feithicil aige.

Freagraíonn Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath do réimse éagsúil éigeandálaí anuas ar dhóiteáin a chomhrac agus freagairt do theagmhais Otharchairr Éigeandála agus freagraíonn sé do theagmhais ina mbíonn Tarrtháil Uisce, Tarrtháil Ardlíne, Imbhuailtí um Thrácht ar Bhóithre, Tuilte, Teagmhais Cheimiceacha agus Freagairt Éigeandála Muirí. Cuireann BDBÁC cosc dóiteáin agus oideachas agus comhairle pobail ar fáil maidir le sábháilteacht ó dhóiteán i bhfoirgnimh reatha agus nua.