Plean Gníomhaíochta Speiceas Ionrach Chathair Bhaile Átha Cliath 2016-2020

Is éard atá i gceist le Speicis Choimhthíocha Ionracha (SCI) ná speicis phlandaí agus ainmhithe nach bhfuil dúchasach in Éirinn agus a chruthaíonn bagairt dár mbithéagsúlacht. Is féidir leo díobháil mhór a dhéanamh don chomhshaol agus, mar thoradh air sin, don gheilleagar.

Príomh-shaincheist maidir le forbairt inbhuanaithe Chathair Bhaile Átha Cliath is ea SCI a bhainistiú. Má theipeann orainn dul i ngleic leis an tsaincheist, d’fhéadfaí difear a dhéanamh do chaighdeán na beatha don ghlúin amach anseo.

Is éard atá sa Phlean seo ná an chéad chéim i dtreo dul i ngleic leis an tsaincheist, todhchaí Bhaile Átha Cliath a chosaint agus deiseanna a chinntiú do bhorradh inbhuanaithe na Cathrach.

Contact Details