Straitéis Páirceanna Chathair Bhaile Átha Cliath
Baineann ríthábhacht le páirceanna agus spás oscailte maidir le bheith in ann maireachtáil i gcathair. Sócmhainní an-luachmhara iad spásanna oscailte, gairdíní agus ceannbhrat crann do Bhaile Átha Cliath. Cruthaíonn siad gné bheo na cathrach.
Cuireann na spásanna seo ceangal beo, chomh maith, leis an am atá imithe thart, idir chearnóga cearnacha Seoirseacha agus pháirceanna comhaimseartha a bhfuil téamaí comhaimseartha acu, ar nós Pháirc an Athar Uí Choileáin nó Dhuga na Canála Móire.
Éascaíonn páirceanna agus spásanna oscailte beatha na cathrach agus cruthaíonn siad spás inar féidir leis an dúlra maireachtáil taobh le daoine agus cuireann siad na spásanna ar fáil, chomh maith, inar féidir le daoine a scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as an gcathair.
Tá sé in am dúinn machnamh a dhéanamh anois, i ndiaidh tréimhse inar thit dianbhorradh agus dianfhorbairt uirbeach amach, ar ghnéithe uathúla agus spreagúla pháirceanna agus thírdhreach chathair Bhaile Átha Cliath agus ar conas ba cheart iad a fhorbairt agus a chosaint amach anseo.
Scrúdaítear sa Straitéis seo na hacmhainní, na saoráidí agus na seirbhísí sin atá ar fáil do chónaitheoirí agus cuairteoirí agus conas is féidir iad a fheabhsú.