Léarscáil Deiridh den Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe do 2026

D’ullmhaigh agus d’fhoilsigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Léarscáil Deiridh do 2026 lena sainaithnítear na tailte a thagann faoi raon feidhme na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe (CTCC).

Tugadh isteach an Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe (CTCC) leis an Acht Airgeadais, 2021. Is cáin bhliantúil í an cháin a ríomhtar ag ráta 3% de luach margaidh na talún. Is é príomhchuspóir na cánach ná gníomhachtú tráthúil na talún forbraíochta cónaithe criosaithe agus seirbhísithe le haghaidh na tithíochta a spreagadh.

Shainaithin Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath talamh a thagann faoi raon feidhme na cánach trí dhréachtléarscáil athbhreithnithe a fhoilsiú i mí Feabhra 2025. Tá próiseas mapála bliantúil 2026 curtha i gcrích anois agus an léarscáil deiridh foilsithe ar an 31 Eanáir 2026.

Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a thugann faoi riar na Cánach ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi CTCC, léigh ‘Réamheolas ar Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe’ agus ‘Cáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe – Do Cheisteanna Freagartha

Aighneachtaí maidir le hIarraidh ar Athchriosú ar an Léarscáil Deiridh do 2026

I gcás ina sainaithnítear talamh ar an léarscáil deiridh do 2026, a foilsíodh ar an 31 Eanáir 2026, a bheith faoi réir ag an gcáin ar thalamh chriosaithe chónaithe, féadfaidh duine ón 1 Feabhra 2026 go dtí an 1 Aibreán 2026, i ndáil leis an talamh thuasluaite ar leis an duine sin í, aighneacht a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ina n-iarrtar athrú ar chriosú na talún sin.

Féadfar aighneacht a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath mar a leanas:

  • I scríbhinn chuig “Léarscáil CTCC”, Aonad Bainistíochta Talún Gníomhaí, An Roinn Pleanála, Forbartha Réadmhaoine agus Geilleagraí, Bloc 4, Urlár 2, Oifigí Cathartha, an Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8, D08 RF3F.

Déan d’aighneacht trí mheán amháin le do thoil, is é sin, trí chóip chrua nó trí thairseach an tsuímh ghréasáin.

Ba cheart go mbeadh san áireamh le haon aighneacht den sórt sin fianaise úinéireachta, cúiseanna mionsonraithe leis an iarraidh ar athchriosú, lena bhféadfaí leanúint de ghníomhaíocht eacnamaíoch leanúnach a bheith san áireamh, mar aon le léarscáil ar scála 1:1,000 lena léirítear go soiléir an cheapach ábhartha thalún.

Foilseofar aon iarraidh ar athchriosú i scríbhinn den sórt sin a fhaightear faoin 1 Aibreán 2026, seachas na codanna sin den aighneacht atá ina sonraí pearsanta, ar an suíomh gréasáin atá faoi chúram Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le linn na tréimhse reachtúla ábhartha. Eiseoidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath litir admhála d’iarratas ar athchriosú ina mbeidh mionsonraí na staire pleanála is déanaí den talamh faoin 30 Aibreán 2026 don úinéir talún. Féadfar an litir admhála sin a úsáid chun tacú le héileamh ar dhíolúine ón gcáin a éireoidh i ndáil leis an talamh is ábhar don iarraidh do 2026. Ní mór an t-éileamh seo a dhéanamh i dtuairisceán cánach bliantúil ar thalamh criosaithe chun cónaithe 2026, nach mór a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi nó roimh an 23 Bealtaine 2026. Féach www.revenue.ie chun mionsonraí a fháil

Déanfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath gach iarraidh ar athchriosú a bhreithniú ag féachaint do phleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair.