Saincheadúnas

Bailímid agus próiseálaimid sonraí pearsanta a bhaineann leat chun na críocha seo a leanas: 

  • Chun ligean duit clárú chun vóta a chaitheamh
  • Chun ligean duit do shonraí toghcháin a sheiceáil ar líne 
  • Chun ligean duit do shonraí toghcháin a choinneáil/a nuashonrú
  • Clár na dToghthóirí a Ullmhú

Foráiltear don bhunús dlí chun do chuid faisnéise a phróiseáil san ​​Acht Toghcháin 1992 (an Dara Sceideal, mír 5(3)).​

Is féidir go roinnfear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú le:

  • Na 4 údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath a chomhroinneann eolas faoin gclár toghthóirí chun an Clár Toghthóirí a ullmhú
  • Faigheann Comhaltaí Tofa (Comhairleoirí, Teachtaí Dála, FPEnna, Seanadóirí) agus páirtithe polaitíochta cóip den chlár toghthóirí
  • Seirbhísí Cúirte le haghaidh na Seirbhíse Giúiré 
  • Faigheann oifigí poist, Stáisiúin na nGardaí, Leabharlanna, Cláraitheoir Contae agus an Ceann Comhairimh Toghcháin cóip den Chlár Toghthóirí faoin Acht Toghcháin 1992.

Coinnítear do chuid faisnéise i mbunachar sonraí slán ar mhaithe le riarachán, iniúchadh agus athbhreithniú leanúnach.​  Ní choinneoidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá agus/nó mar a cheanglaítear leis an dlí.​