Cinntí Pleanála

Próiseáiltear do chuid faisnéise mar thoradh ar d'idirghníomhaíocht le rannóg na gCinntí Pleanála de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Is é an bunús dlí chun do chuid faisnéise a phróiseáil ná an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú.

Is próiseas oscailte agus trédhearcach é an próiseas pleanála. Cuirtear gach doiciméadú iarratais pleanála, breathnóireacht/aighneacht, agus na liostaí pleanála seachtainiúla ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigí na Comhairle agus ar shuíomh gréasáin na Comhairle faoi Alt 38 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú.  

Cuirtear faisnéis ar fáil don Bhord Pleanála i gcás achomhairc faoi Alt 127 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú.

Tá 2 eisceacht ann maidir leis an bhfaisnéis atá á cur ar fáil don phobal agus don Bhord Pleanála (comhad páipéir nó suíomh gréasáin):- 

  • Cuid 2 den fhoirm iarratais pleanála
  • Seoltaí ríomhphoist agus uimhreacha teileafóin na mbreathnuithe/na n-aighneachtaí 

 ​Coinnítear do chuid faisnéise ar feadh tréimhse éiginnte​.