Áiteanna Páirceála i gCathair Bhaile Átha Cliath

Tá rialacháin pháirceála in ainm is an saol a dhéanamh níos pléisiúrtha, níos ordúla agus níos áisiúla do gach duine tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

An fáth go bhfuil srianta páirceála ann i gCathair Bhaile Átha Cliath

Dearadh rialacháin pháirceála chun an saol a dhéanamh níos taitneamhaí, níos ordúla agus níos áisiúla do chách tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Deireadh a chur le bacainní agus brú tráchta a laghdú
  • Feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre
  • An fháil atá ar spásanna páirceála ar an tsráid a mhéadú

Is ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go gcloíonn tú leis an dlí agus le rialacháin na cathrach agus tú ag páirceáil.

Is féidir leat páirceáil sna háiteanna seo a leanas:

  • I spás páirceála agus úsáid á baint as ticéad Íoc agus Taispeáin, Clib Páirceála, Cead Páirceála Cónaitheora nó Cead Tiománaí faoi Mhíchumas. Chun iarratas a dhéanamh ar chead páirceála do thiománaithe faoi mhíchumas (Suaitheantas Gorm), déan teagmháil le ceachtar de na heagraíochtaí seo a leanas: www.ddai.ie (Cumann Tiománaithe faoi Mhíchumas na hÉireann) nó www.iwa.ie (Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann).

Áiteanna NACH FÉIDIR páirceáil

Tá roinnt ceantar i gCathair Bhaile Átha Cliath nach gceadaítear duit páirceáil. Tá sé mídhleathach páirceáil ar bhealach a chuireann isteach ar shreabhadh tráchta nó a dhéanann úsáideoirí bóithre eile a bhacadh nó a chur i mbaol.

Má thugann tú neamhaird ar na srianta seo, is féidir d’fheithicil a chlampáil nó a tharraingt chun bealaigh.

  • Gan páirceáil i lánaí bus agus i nglanbhealaí le linn uaireanta oibre
  • Gan páirceáil i raonta rothar ar bhonn 24 uair an chloig mura gcuirtear é seo in iúl ar chomhartha sráide
  • Gan páirceáil ar línte buí dúbailte
  • Gan páirceáil os trasna ó líne bhán leanúnach
  • Gan páirceáil i limistéir pháirceála bus / cóiste
  • Gan páirceáil ar chosán (go páirteach nó go hiomlán)
  • Gan pháirceáil ar línte buí singil le linn na n-uaireanta a léirítear ar chomhartha sráide
  • Gan páirceáil laistigh de 5 mhéadar ó acomhal
  • Gan páirceáil ag trasrian coisithe nó soilse tráchta, laistigh de 15 mhéadar ar an taobh ina dtreo nó 5 mhéadar ar an taobh eile
  • Gan cur isteach ar aon bhealach isteach d'fheithiclí ach amháin le toiliú an áititheora
  • Gan páirceáil ag bealach isteach scoile
  • Gan páirceáil ar imeall féir nó ar lárstráice
  • Gan páirceáil i mbánna do dhaoine faoi mhíchumas gan cead páirceála bailí do dhuine faoi mhíchumas
  • Gan pháirceáil i mbánna lódála le linn uaireanta a léirítear ar chomhartha sráide (ní féidir ach feithiclí earraí iad a úsáid ar feadh uasmhéid 30 nóiméad)
  • Gan páirceáil i limistéir choisithe
  • Gan páirceáil i stadanna tacsaí

Le haghaidh tuilleadh sonraí ar shrianta páirceála, féach na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997 agus na Fodhlíthe um Rialú Páirceála, 2014.

 

Download the Parking Control Bye-Laws 2019
Contact Details