Clárú chun Vóta a Chaitheamh

Clár na dToghthóirí

Chun go mbeidh tú ábalta vótáil i dtoghchán nó i reifreann, ní mór go mbeidh d’ainm ar Chlár na dToghthóirí don cheantar ina bhfuil tú i do chónaí de ghnáth. Is féidir Clár na dToghthóirí a sheiceáil in Oifigí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus ar line ag voter.ie or www.checktheregister.ie

Coinníollacha Clárúcháin

Aois: Tá gach cónaitheoir a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici i dteideal bheith ar an gclár. Is féidir le duine a bhfuil 16 bliana d’aois sáraithe aige nó aici clárú ach ní bheidh siad ábalta vótáil go dtí go mbeidh siad 18.

Cónaí: Ní mór gnáthchónaí a bheith ar dhuine sa stát ag an seoladh inar mian leo a bheith cláraithe.

Gan aon áit chónaithe bhuan: Mura bhfuil seoladh buan agat, is féidir leat fós clárú ar líne ag www.checktheregister.ie nó tríd an fhoirm ERF1 a chomhánú. Déan teagmháil linn má tá tuilleadh eolais uait [email protected] / 01 222 5010.

Saoránacht: tá gach duine fásta atá ina chónaí sa stát i dteideal a bheith cláraithe; is í an tsaoránacht atá acu a dhearbhaíonn na toghcháin inar féidir leo vótáil.

Cearta Vótála

Éireannach – Saoránaigh Éireannacha: is féidir leo vótáil i ngach toghchán agus Reifreann

Briotanach - Saoránaigh Bhriotanacha: is féidir leo vótáil i dToghcháin Dála agus Áitiúla

AE – Is féidir le Saoránaigh an AE vótáil i dToghcháin Eorpacha agus Áitiúila

Neamh-AE – Saoránaigh Neamh-Eorpacha: is féidir vótáil i dToghcháin Áitiúla

AE Ionchasach – Is feidir le Saoránaigh Eorpacha Ionchasacha vótáil i dToghcháin Áitiúla

 

Uachtarán & Reifreann

Dáil

Eorpach

Áitiúil

Saoránaigh Éireannacha

Saoránaigh Bhriotanacha

Níl

Níl

Saoránaigh Bhriotanacha/AE

Níl

Saoránaigh AE

Níl

Níl

Saoránaigh Neamh-AE

Níl

Níl

Níl

AE Ionchasach

Níl

Níl

Níl

Dúnfaidh an t-údarás áitiúíl an clár 14 lá roimh lá an toghcháin / reifrinn. Ba chóir do gach saoránach an clár a sheiceáil tamall maith sula mbeidh toghchán ann chun a chinntiú go bhfuil siad cláraithe agus go bhfuil a gcuid sonraí go léir ceart.

Tugadh isteach reachtaíocht nua ar 13 Deireadh Fómhair 2022 ina leagtar síos go bhfuil gá le heolas breise chun clárú– tá sé riachtanach anois UPSP, dáta breithe agus Éirchód a sholáthar. Tugadh isteach é seo chun sláine an chláir a fheabhsú.

Mas mian leat clárú chun vótála nó do chuid sonraí a athrú, mar shampla, d’ainm, do sheoladh, do shaoránacht, comhlánaigh an fhoirm thíos (Foirm ERR1) agus cuir ar ais í chuig An Rannóg Cearta Vótála, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Bloc 4, Urlár 4, Oifigí na Cathrach, An Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8, D08 RF3F.

 

Nó is féidir leat do shonraí a chlárú nó eagarthóireacht a dhéanamh orthu ar líne le cuntas fíoraithe MyGovid.

Baile Átha Cliath amháin @ www.voter.ie 

Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath @ www.checktheregister.ie

Foirm um Chlárú Toghcháin 2022

Nóta: d’fhéadfaí iarradh ort fianaise dhoiciméadach a sholáthar chun tacú le do cháilitheacht chun vótala, e.g. teastas breithe nó teastas eadóirseachta.

Vóta Poist

Is féidir leat clárú le haghaidh vóta poist más bhaineann ceann de na rudaí a leanas leat:

  • Ball de na fórsaí cosanta
  • Taidhleoir Éireannach atá ag obair thar lear (mar aon le do pháirtí/chéile má tá saoránacht Éireannach acu)
  • Ball den Gharda Síochána
  • Dúine atá faoi choinneáil i bpríosún
  • Nach bhfuil tú ábalta dul chuig stáisiún vótála chun do vóta a chaitheamh de bharr tinnis fhisiciúil nó míchumais
  • Má ta tú ag obair ar lá an toghcháin/reifrinn agus nach feidir leat bheith i láthair i do stáisiún vótála áitiúil, e.g. mac léinn lánaimseartha atá ag staidéar as baile, foireann vótála nó ag obair as baile
  • Duine a bhféadfadh a shábháilteacht a bheidh i mbaol más amhlaidh go bhfoilseofaí do shonraí (baineann sé seo leis na daoine atá ina gcónaí leat freisin). Is féidir leat bheith anaithnid ar an gclár

Tabhair do d’aire, má tá tú lasmuigh den tír ar laethanta saoire, ní bheidh tú i dteideal vóta poist a chaitheamh.

Nóta:

  • Iarrfar ort fianaise dhoiciméadach a sholáthar chun tacú le do cháilitheacht le haghaidh vóta poist.
  • Má tá toghthóir cláraithe mar vótálaí poist, ní mór dó ní di vótáil tríd an bpost amháin agus ní féidir leis nó léi vótáil i stáisiún vótála

Vóta Speisialta

Saoránaigh atá ina gcónaí i dtithe altranais go lánaimseartha, i dtithe téarnaimh agus in institiúidí reiligiúnacha, is feidir leo clárú le haghaidh Vóta Speisialta.

Foirm Liosta Vótálaithe Speisialta

Ráiteas Príobháideachais um Sonraí Cearta Vótála - Download PDF

Contact Details