Dánlann Hugh Lane
Bhunaigh Sir Hugh Lane Dánlann Hugh Lane sa bhliain 1908 agus tá sé ar cheann de na forais chultúrtha is tábhachtaí i mBaile Átha Cliath. Is é an dánlann phoiblí ealaíne nua-aimseartha is sine atá ann i gcónaí agus tá sé suite i dTeach Charlemont i gCearnóg Parnell Thuaidh.
Tá sa bhailiúchán samplaí iontacha de phéintéireacht Impriseanaíoch Fhrancach agus Éireannach, gloine dhaite ag an ealaíontóir cáiliúil Harry Clarke, péintéireacht tírdhreacha Eorpach, ealaín chomhaimseartha Éireannach agus idirnáisiúnta agus Stiúideo cáiliúil Francis Bacon.
Is éagsúil ábhar agus téama chláir shealadacha thaispeántais na dánlainne idir ealaín nua-aimseartha Eorpach agus chleachtas ealaíne comhaimseartha. Cuirtear léachtaí agus turais phoiblí ar siúl i rith na bliana, chomh maith le sceideal iomlán ceardlann phraiticiúil agus ranganna tuisceana do na healaíona. Imeacht i rith an deireadh seachtaine a mbíonn an-tóir orthu agus a mholtar go mór iad ceolchoirmeacha Mheán Lae an Domhnaigh a bhíonn ar siúl sa dánlann.
Chun teacht ar shonraí iomlána faoi uaireanta oscailte agus imeachtaí na dánlainne, féach www.hughlane.ie.