Conas Gearán a Dhéanamh

SULA DTOSAÍONN TÚ: Is féidir leat réimse saincheisteanna a thabhairt le fios do limistéar seirbhíse gan ár nós imeachta foirmiúil chun gearáin a dhéanamh a úsáid. Is minic gurb é seo an bealach is tapúla chun do shaincheist a réiteach.

NÓS IMEACHTA CHUN GEARÁIN A DHÉANAMH

Ba mhaith liom gearán a dhéanamh

Baineann tábhacht le do ghearáin do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, mar gheall go gcabhraíonn siad linn feabhsúcháin a dhéanamh. Mura bhfuil tú sásta le haon ghné de do chuid déileálacha linn, ba mhaith linne anseo i Seirbhísí do Chustaiméirí go gcuirfeá sinn ar an eolas. Is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh sa phost, ar ríomhphost nó tríd ár bhfoirm ghearáin ar líne a chomhlánú.

Cad a tharlaíonn anois?

Cláróimid do ghearán agus cuirimid faoi bhráid na roinne ábhartha é. Seolfaimid aitheantas foirmiúil chugat laistigh de thrí lá oibre. Bheadh súil againn leis go n-eiseodh an roinn ábhartha freagairt ar do ghearán laistigh de 21 lá.

Cad ba cheart dom a dhéanamh mura bhfuil mé sásta leis an bhfreagairt?

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagairt, is féidir leat an cinneadh a achomharc linn sa phost nó ar ríomhphost. Scrúdóidh Bainisteoir Feidhmiúcháin ár Roinne Seirbhísí Corparáideacha d’achomharc agus gheobhaidh tú freagairt a chuireann ar an eolas thú ar an gcinneadh a baineadh amach laistigh de 21 lá.

Nílim sásta go fóill leis an gcinneadh, cad a tharlaíonn anois?

Mura bhfuil tú sásta go fóill, is féidir leat an cinneadh a achomharc le hOifig an Ombudsman. Tá an oifig seo go hiomlán neamhspleách ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Cuireann an tOmbudsman seirbhís neamhchlaonta, neamhspleách agus saor in aisce réitigh díospóide ar fáil.

Déan Teagmháil le hOifig an Ombudsman:

Oifig an Ombudsman,

18 Sráid Líosain Íochtarach,

Baile Átha Cliath 2

Guthán: Íosghlao 1890 22 30 30

Guthán: 01 639 5600

Facs: 01 639 5674

Ríomhphost:
[email protected]

Láithreán Gréasáin: www.ombudsman.ie

Déanann an tOmbudsman do Leanaí imscrúdú ar ghearáin faoi sheirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil do leanaí.

Déan Teagmháil le hOifig an Ombudsman do Leanaí

Oifig an Ombudsman do Leanaí,

Teach na Mílaoise,

52-56 Sráid na Trá Mhór,

Baile Átha Cliath 1,

DO1 F5P8.

Guthán: Íosghlao 1890 20 20 40

Guthán: 01 865 6800

Ríomhphost:
[email protected]

Láithreán Gréasáin: www.oco.ie

Contact Details